Síneadh ama le dáta deiridh na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2023 le haghaidh Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála.

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh ama le dáta deiridh na Scéime um Chúnamh Infheistíochta 2023 le haghaidh Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála.

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, síneadh gearr inniu ar an Scéim um Chúnamh Infheistíochta 2023 le haghaidh Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála. Dúnfar an Scéim anois ag 5pm Dé hAoine 07 Iúil 2023. Bhí sí le dúnadh ag 5pm, an Aoine seo an 30 Meitheamh.

Is í aidhm na scéime seo ná cabhrú le forbairt na hearnála gairneoireachta, lena n-áirítear beachaireacht. Chuige seo, deonófar cúnamh le haghaidh infheistíochtaí caipitil i ngléasra agus trealamh speisialaithe, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, mar aon le glacadh le teicneolaíocht atá sonrach do tháirgeadh gairneoireachta tráchtála.

Cuireadh sonraí na scéime in iúl don Choimisiún Eorpach de réir na dTreoirlínte maidir le Státchabhair agus ní cheadófar formheas ceada le haghaidh cúnaimh d'infheistíochtaí faoin Scéim ach amháin tar éis ceadú an Choimisiúin Eorpaigh a fháil de réir Chinneadh an Choimisiúin ar an mbeart.

Tá Foirmeacha Iarratais agus Téarmaí & Coinníollacha na Scéime ar fáil ar Shuíomh gréasáin na Roinneshuíomh gréasáin na Roinne. Ní mór foirmeacha Iarratais Comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a chur isteach i gcóip chrua chuig an seoladh seo a leanas roimh 5pm Dé hAoine an 07 Iúil 2023.

Seoladh: Rannóg na Scéime Deontais Gairneoireachta, An Rannóg Gairneoireachta & Sláinte Plandaí, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Foirgneamh Riaracháin, Campas Bhacastúin, Crois an tSiúnaigh, Cill Droichid, Co. Chill Dara, W23 X3PH.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat