Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Vótáil agus toghcháin in Éirinn

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as an mbeartas agus na dlíthe maidir le toghcháin agus reifrinn a reáchtáil agus clárú toghthóirí.

Cuimsíonn obair na Roinne:

  • athbhreithniú leanúnach ar an dlí toghcháin
  • reachtaíocht a dhéanamh le haghaidh athruithe, nuair a mholtar iad, ar dháilcheantair agus ar limistéir thoghcháin áitiúla
  • faisnéis agus comhairle a sholáthar d’údaráis chlárúcháin (a choinníonn cláir thoghthóirí gach comhairle), cinn chomhairimh (atá freagrach as toghcháin a reáchtáil) agus an pobal i gcoitinne, lena n-áirítear faisnéis faoi thacaíochtaí breise do vótálaithe
  • torthaí toghcháin a fhoilsiú
  • aon ráitis tacaíochta Éireannacha don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a fhíorú agus a dheimhniú

Tá na forálacha bunreachtúla agus reachtacha ábhartha a bhaineann le dlí toghcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.

Incháilitheacht vótálaithe in Éirinn

Chun a bheith incháilithe chun vóta a chaitheamh ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn.

Cinntear cén imeachtaí toghchánacha ar féidir le duine vóta a chaitheamh iontu bunaithe ar shaoránacht:

  • Is féidir le saoránaigh Éireannacha vóta a chaitheamh i dtoghcháin Dála, áitiúla, Pharlaimint na hEorpa, in aon toghchán méarachta áitiúil (mar shampla, toghchán méarachta Luimnigh) agus agus i reifrinn
  • is féidir le saoránaigh Bhriotanacha vóta a chaitheamh i dtoghcháin Dála, áitiúla agus mhéarachta
  • is féidir le saoránaigh de chuid an Aontais vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha, áitiúla agus in aon toghchán méarachta áitiúil
  • ní féidir le gach duine eile vóta a chaitheamh ach i dtoghcháin áitiúla agus in aon toghchán méarachta áitiúil

Foráiltear leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, gur féidir le daoine 16 agus 17 mbliana d’aois réamhchlárú ach nach féidir leo vóta a chaitheamh go dtí go sroicheann siad 18. Cuirtear leis an gclár toghthóirí go huathoibríoch iad nuair a shroicheann siad 18.

Is féidir leat clárú chun vóta a chaitheamh nó do shonraí clárúcháin vótálaí a nuashonrú ag https://www.checktheregister.ie/ga-IE/

Toghcháin agus reifrinn

In Éirinn, tá sé chineál éagsúla toghcháin ann:

Is trí bhallóid rúnda a chaithtear vóta i dtoghcháin ar phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire i ndáilcheantair ilshuíochán, agus aonvóta inaistrithe ag gach vótálaí. Léigh tuilleadh eolais maidir le Córas Toghcháin na hIonadaíochta Cionmhaire agus an Aonvóta Inaistrithe in Éirinn. I dtoghchán uachtaránachta, is toghcheantar aonair í Éire. Is toghcheantar aonair é Cathair agus Contae Luimnigh do thoghchán méarachta.

Forálann an Bunreacht freisin do reifrinn Bhunreachtúla agus do Ghnáthreifrinn.

Ag eascairt as athchóirithe a rinneadh leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022, caitheann gach toghthóir ar oileáin na hÉireann a vóta ar an lá céanna leis an mórthír.

An Coimisiún Toghcháin

Is é an Coimisiún Toghcháin coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann. Tá sé freagrach as an méid seo a leanas:

  • ábhar na reifreann a mhíniú
  • athbhreithniú a dhéanamh ar dháilcheantair agus toghcheantair Pharlaimint na hEorpa agus ar theorainneacha na dToghcheantar Áitiúil
  • Clár na bPáirtithe Polaitíochta a chothabháil
  • taighde a dhéanamh ar chúrsaí toghcháin agus comhairle a chur ar an Rialtas ina leith
  • feasacht agus rannpháirtíocht i bpróisis dhaonlathacha na hÉireann a chur chun cinn
  • tuairisciú a dhéanamh ar riarachán imeachtaí toghcháin
  • fógraíocht pholaitíochta áirithe a rialú (tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh Gréasáin An Choimisiúin Toghcháin)

Nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, forálann Cuid 5 den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022 go mbeidh freagracht ar Choimisiún freisin as sláine toghchán agus reifrinn a chosaint ar scaipeadh nó ar fhoilsiú mífhaisnéise faoin bpróiseas toghcháin ar líne, agus ar iompar ionramhála nó neamhbharántúil.

Téigh chuig suíomh gréasáin An Coimisiún Toghcháin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat