Cuardaigh ar fad gov.ie

Tithíocht do Chách

Tithíocht do Chách-Ag tógáil árais chónaithe agus ag tacú le pobail

[link broken] Is é Tithíocht do Chách - beartas agus plean tithíochta an rialtais go dtí 2030. Is plean ilbhliantúil, ilbhilliún euro é faoina gcuirfear feabhas ar chóras tithíochta na hÉireann chun níos mó árais chónaithe de gach cineál a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais éagsúla tithíochta acu. Tá meicníocht athbhreithnithe bhliantúil mar chuid de chun freagairt don dul chun cinn atá déanta i dtaobh an plean a chur i bhfeidhm, do dhúshláin a bhaineann leis an gcur i bhfeidhm, agus d'athruithe sa timpeallacht sheachtrach.

Foilsítear [link broken], ina leagtar amach feidhmíocht i gcoinne na spriocanna agus na ngníomhartha atá leagtha amach sa phlean.

Na Staitisticí is Déanaí ar Sheachadadh Tithíochta

Tá Tithíocht do Chách dírithe ar an soláthar áras cónaithe a mhéadú dóibh siúd atá ag iarraidh áras cónaithe a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuidíonn príomhthreochtaí sa soláthar tithíochta, ar nós líon na dtithe a críochnaíodh, líon na gceadanna pleanála a deonaíodh agus líon na dtithe a bhfuil tús curtha lena dtógáil, le leibhéil an tsoláthair tithíochta sa todhchaí a thabhairt le fios.

Scéimeanna a chuidíonn le Ceannaitheoirí agus Cíosaithe

Cibé más ag lorg áit ar cíos nó áit le ceannach atá tú, tá [link broken]tacaíochtaí éagsúla ar fáil anois chun rochtain ar thithíocht agus inacmhainneacht tithíochta a mhéadú. Cuidíonn tionscnaimh dhifriúla ar bhealaí difriúla.

Tá roinnt de na scéimeanna tithíochta dírithe ar cheannaitheoirí céaduaire nó ar Thosaitheoirí Nua. Déanann cuid acu áit a cheannach nó áit a fháil ar chíos níos inacmhainne. Is féidir le cuid eile díobh cuidiú leat áras cónaithe nua a dhéanamh de sheanfhoirgneamh

Bearta chun níos mó Árais Chónaithe a Sheachadadh

Tá mar aidhm ag Tithíocht do Chách tacú le húinéireacht tí, soláthar tithíochta áras cónaithe inacmhainne a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar árais fholmha agus dul i ngleic le heaspa dídine.

Baintear sin amach trí bheartais agus tionscnaimh a chur i bhfeidhm a chinntíonn go bhfuil go leor oibrithe tógála oilte ann chun freastal ar éileamh, go bhfuil maoiniú leordhóthanach ann chun níos mó tithe a sheachadadh agus go gcuirtear an foirgneamh i gcrích trí mhodhanna nua-aimseartha agus inbhuanaithe a úsáid.

An Nuacht is Déanaí