Conair chun Deireadh a Chur le hEaspa Dídine, Seachadadh Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus Tacú le Cuimsiú Sóisialta
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an rialtas tiomanta chun freastal ar riachtanais na ndaoine is leochailí sa tsochaí le bearta a chur i bhfeidhm a chuirfidh deireadh le fadhb na heaspa dídine, a mhéadóidh soláthar tithíochta sóisialta agus a thacóidh le hionchuimsiú sóisialta.
I measc na bpríomhghníomhaíochtaí atá ar bun a gealladh nó a soláthraíodh faoin gconair sin, tá na nithe seo a leanas:
Léigh an chonair seo de ‘Tithíocht do Chách’ ina iomláine.
Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn - Conair 2
Ar an 22 Márta 2023, fógraíodh athruithe ar shamhail mhaoinithe na Saoráide Réamhléasaithe Caipitil (SRC), an phríomhscéim mhaoinithe a úsáideann earnáil na gComhlachtaí Tithíochta Faofa (CTF) chun tithíocht shóisialta a sholáthar. Tabharfaidh na hathruithe aghaidh ar na dúshláin atá roimh an earnáil maidir le teacht ar ioncam chun tithe sóisialta a thógáil, go háirithe i mbailte agus sráidbhailte tuaithe.
Táthar ag súil go leanfaidh iarratais ar cheadú maoinithe do na mílte tithe a sholáthraíonn CTF do cheantair nach raibh scéimeanna a chuir CTF ar fáil chomh hinmharthana céanna roimhe sin.
Léigh tuilleadh faoin múnla maoinithe feabhsaithe do Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe
An 7 Márta 2023, d’fhógair an rialtas bearta breise chun soláthar tithe sóisialta a mhéadú i gcomhthráth le deireadh a chur de réir a chéile leis an gcosc ar dhíshealbhú an gheimhridh de réir théarmaí an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe (Dáta Foirceannaidh Thionóntachtaí Áirithe a Dhíchur) 2022.
Rinne an tAcht seo foráil le haghaidh bac ar fhógraí díshealbhaithe don tréimhse suas go dtí an 31 Márta 2023, agus foircinn tionóntachta iarchurtha le teacht i bhfeidhm thar thréimhse agaithe ón 1 Aibreán go dtí an 18 Meitheamh 2023.
Léigh tuilleadh faoi bearta breise chun an soláthar tithe sóisialta a mhéadú
Ar an 9 Feabhra 2023, foilsíodh figiúirí a léirigh gur cuireadh 2,307 teach sóisialta folamh chun úsáide gníomhaí arís in 2022 faoin gClár na dTithe Folmha. Tá an méid seo beagáinín os cionn na 2,273 teach sóisialta folamh a rabhthas ag súil leis, rud a thugann le fios gur laghdaigh an dianobair a rinne na húdaráis áitiúla i 2020 agus 2021 ar an ábhar seo líon na dtithe sóisialta folmha. Tacaíonn Clár na dTithe Folmha le húdaráis áitiúla agus iad ag ullmhú tithe folmha chun iad a ligean ar cíos arís.
Is beart tábhachtach é i bplean Tithíocht do Chách an Rialtais leas níos éifeachtúla a bhaint as soláthar tithíochta reatha. Déanann Clár na dTithe Folmha forbairt ar an obair atá ag dul ar aghaidh go fóill chun dul i ngleic le folús agus tréigean agus chun réadmhaoine folmha a chur chun úsáide arís le haghaidh tithíochta.
Léigh tuilleadh faoi tithe folmha a cuireadh chun úsáide gníomhaí arís
Ar an 27 Eanáir 2023, sheol an tAire Darragh O'Brien agus Uachtarán Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann, Charlotte Sheridan, na Comórtais Deartha Ailtireachta "Maireachtáil i Lár an Bhaile" ar mhaithe le ceithre scéim tithíochta a dhearadh, le scéim amháin i ngach ceann de na ceithre láithreán láir bhailte trasna na tíre.
Tá sé mar aidhm ag na comórtais dearadh nuálach a spreagadh do thithíocht shóisialta laistigh de láir bhailte agus cuspóirí bheartas an Rialtais, Tús Áite do Lár an Bhaile, i dtaca le dlúthfhás agus athbheochan na lár bailte a chur chun cinn. Táthar ag iarraidh go spreagfar, de dheasca na gcomórtas seo níos mó gnólachtaí ailtireachta chun dul i mbun iomaíochta do thionscadail deartha tithíochta sóisialta.
Ar an 9 Eanáir 2023, chuir an tAire O'Brien fáilte roimh sheoladh beart tionscadal faoi Bheart 6 den Chlár Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP).
Tá an seoladh seo ag cur leis an gclár tithíochta rathúil CCP atá á gcur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais, i gcomhpháirt leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag údaráis áitiúla ábhartha.
Léigh tuilleadh faoi beagnach 600 teach sóisialta nua atá le seachadadh
Ar an 1 Eanáir 2023, d’fhógair an rialtas go raibh éifeacht le teorainneacha nua incháilitheachta ioncaim do thithíocht shóisialta. Ón 1 Eanáir 2023, tá méadú €5,000 tagtha ar thairseacha incháilitheachta ioncaim do thithíocht shóisialta in Údaráis Áitiúla ar fud na tíre.
Ón 8 Nollaig 2022 i leith, tá iarratais ar Mhorgáiste go Cíos (MGC) a ceadaíodh ar fud na tíre tar éis an sprioc 2,000 a shárú ó cuireadh tús leis an scéim. Mhol an tAire O’Brien d’aon duine atá i mbaol a dteach a chailleadh machnamh a dhéanamh ar an scéim agus dul i dteagmháil leis na tacaíochtaí eile rialtais agus leis an gcomhairle eile atá ar fáil.
Cuidíonn morgáiste chun Cíosa le daoine atá i mbaol a dtithe a chailleadh mar gheall ar riaráistí morgáiste. Tá an 2,000 cás a cuireadh i gcrích go dtí seo (ó cuireadh tús leis an scéim in 2012) ag dul chun tairbhe do 5,910 duine (3,249 duine fásta agus 2,661 leanbh).
Ar an 9 Samhain 2022, seoladh an Straitéis um Easpa Dídine i measc Daoine Óga 2023-2025. Sa straitéis seo, an chéad Straitéis um Easpa Dídine i measc Daoine Óga le scór bliain, leagtar amach 27 gníomh ar leith chun daoine óga a chosc ó bheith gan dídean, chun eispéiris daoine óga i gcóiríocht éigeandála a fheabhsú agus chun cabhrú le daoine óga éirí as easpa dídine.
Léigh tuilleadh faoin Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean
Ar an 20 Nollaig 2021, seoladh Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme Thithíocht ar dTús 2022-2026. Tugann an clár ‘Tithíocht ar dTús’ teach buan agus príomhthacaíochtaí sláinte agus sóisialta do dhaoine a chaith tréimhsí fada ina gcodladh amuigh nó a bhain úsáid fhadtéarmach as cóiríocht éigeandála agus a bhfuil riachtanais chasta acu. Cuirfidh an Plean 1,319 tionóntachtaí tacaithe nua a fhaigheann príomhthacaíochtaí ar fáil chun tionóntaí a choinneáil ina dtithe.
Léigh tuilleadh faoin bPlean 'Tithíocht ar dtús'
Slí chun Deireadh a chur le Easpa Dídine Seachadadh Tithíochta Sóisialta a Mhéadú agus Tacú le Cuimsiú Sóisialta - Bileog Eolais
Housing First: Plan for Homeless People - Infographic
Housing First: Plan for Homeless People Infographic - Accessible Version
Housing for All: Eradicating Homelessness - Infographic
Housing for All: Eradicating Homelessness Infographic - Accessible Version