Tuairisceáin Bhliantúla le haghaidh 2024 a fuarthas ó údaráis áitiúla faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990
- Foilsithe: 23 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Nollaig 2025
Cuireann údaráis áitiúla faisnéis áirithe ar fáil faoi chur i bhfeidhm an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990 maidir lena limistéir feidhme trí Thuairisceán Staidrimh Bliantúil ar Láithreáin Thréigthe a chur ar aghaidh chuig an Roinn. Léiríonn an fhaisnéis a fuarthas faisnéis atá ar fáil ó Chlár na Láithreán Tréigthe ábhartha, a bhfuil sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil ceann a choinneáil faoi Alt 8 den Acht.
Tugtar sonraí san fhoilseachán seo i gcás gach údaráis áitiúil lena n-áirítear líon na láithreán ar Chlár na Láithreán Tréigthe, láithreáin a fuarthas trí chomhaontú nó go héigeantach agus cur i bhfeidhm Thobhach na Láithreán Tréigthe faoin Acht, don bhliain 2024.