Athbhreithniú Eatramhach ar Chur i bhFeidhm Phlean Gníomhaíochta Uisce 2024
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 12 Meitheamh 2026
Is é Plean Gníomhaíochta Uisce 2024 an tríú plean bainistíochta abhantraí (PBA) atá forbartha in Éirinn don tréimhse 2022 -2027, de réir mar a éilítear i dTreoir Réime Uisce AE. Soláthraíonn sé treochlár a leagann amach na gníomhartha a theastaíonn chun caighdeán uisce a chosaint agus a athbhunú in Éirinn. Sannadh gníomh don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) faoi Phlean Gníomhaíochta Uisce 2024 chun athbhreithniú eatramhach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Chlár Bearta an phlean (Gníomh 5.1). Ós rud é gur foilsíodh an plean sin i mí Mheán Fómhair 2024, dírítear sa tuarascáil athbhreithnithe eatramhaigh sin ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta Uisce 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025. Le torthaí na tuarascála seo, beifear in ann bearnaí sa chur i bhfeidhm a shainaithint agus béim a leagan ar réimsí nach mór a athrú, a fheabhsú nó a neartú chun feabhas a chur ar an dul chun cinn don chuid eile den timthriall.