Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe
-
Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Airgeadais
- Foilsithe: 2 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2025
- Cad é atá ann
- Cé a chaithfidh an cháin a íoc
- Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin
- Conas Léarscáileanna CTCC do Chomhairle a fheiceáil
Cad é atá ann
Tá an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe dírithe ar sholáthar tithíochta a mhéadú trí thailte forbartha cónaithe criosaithe a bhfuil seirbhís déanta orthu a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta. Tá sé mar aidhm ag an gcáin freisin úinéirí talún a dhreasú chun ceadanna pleanála reatha ábhartha a úsáid. Tugadh isteach an cháin seo i dTithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030, mar bheart chun soláthar a mhéadú.
Beidh an cháin bhliantúil i bhfeidhm ón mbliain 2025 ar ráta 3% de luach margaidh na talún. Feidhmeoidh an cháin ar bhonn féinmheasúnaithe. Tá faisnéis níos mionsonraithe faoin gcáin ar fáil sa doiciméad ‘Freagraí ar do Cheisteanna’ ar an leathanach seo.
Cé a chaithfidh an cháin a íoc
Iad siúd a bhfuil talamh acu arna sainaithint i léarscáileanna deiridh bliantúla na n údarás áitiúil don bhliain 2025 arna bhfoilsiú ar an 31 Eanáir 2025 nó roimhe sin, lena n-áirítear an talamh seo a leanas:
- criosaithe chun críocha cónaithe nó úsáide measctha (lena n-áirítear cónaithe) i bplean limistéir áitiúil, agus
- seirbhísithe a dhóthain nó in ann a bheith seirbhísithe go leordhóthanach chun tacú le forbairt chónaithe, agus
- nach bhfuil eisiata ón gcáin, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht
Úinéirí Tí
Ní bheidh ort an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe a íoc má tá áit chónaithe agat atá le feiceáil ar léarscáileanna na n-údarás áitiúil um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe ach atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) freisin.
Más leat áit chónaithe den sórt sin, áit a bhfuil an talamh/gairdíní/clóis atá ceangailte leis níos mó ná 0.4047 heicteár, beidh ort clárú don Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh tú faoi dhliteanas an cháin a íoc.
Seans go mbeidh ort an cháin a íoc má tá tú i d’úinéir ar áit chónaithe atá le feiceáil ar léarscáileanna na n-údarás áitiúil um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe agus nach bhfuil faoi réir an CMÁ.
Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin
Foilsiú na Léarscáile Deireanaí don bhliain 2025
Foilseoidh údaráis áitiúla léarscáileanna bliantúla um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe don bhliain 2025 ar an 31 Eanáir 2025 ina sainaithneofar talamh a thagann faoi raon feidhme na cánach sa bhliain 2025. Ní mór d’úinéir talún dá leithéid clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh CTCC dlite maidir leis an talamh sin faoin 23 Bealtaine 2025. Féach suíomh CTCC na gCoimisinéirí Ioncaim anseo.
Beidh deis ag úinéirí talún a bhfuil a dtalamh le feiceáil ar an léarscáil bhliantúil do 2025, a fhoilseofar ar an 31 Eanáir 2025, iarraidh ar an údarás áitiúil ábhartha criosú na talún a athrú, lena n-áirítear iarraidh orthu an criosú a athrú ar mhaithe le húsáid eacnamaíoch na talún a chur in iúl. Ní mór an t-iarratas a dhéanamh leis an údarás áitiúil ábhartha idir an 1 Feabhra agus an 1 Aibreán 2025. Admhóidh na húdaráis áitiúla go bhfuair siad na hiarratais faoin 30 Aibreán 2025. Sa chás go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, d’fhéadfaí úinéir talún éileamh a dhéanamh ar dhíolúine ó CTCC don bhliain 2025 de bharr iarratas athchriosaithe a dhéanamh. D’fhéadfaí an t-éileamh sin a dhéanamh mar chuid den tuairisceán CTCC 2025 ar gá a bheith curtha isteach faoin 23 Bealtaine 2025.
Déanfaidh údaráis áitiúla na hiarratais sin a mheas, ag féachaint don phleanáil bheartaithe, d’fhorbairt inbhuanaithe an limistéir agus do threoirlínte ábhartha Alt 28 a d’eisigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cuirfear úinéirí talún ar an eolas faoin gcinneadh dul ar aghaidh nó gan dul ar aghaidh le próiseas chun an criosú talún a leasú faoin 30 Meitheamh 2025.
Foilsiú dréachtléarscáile bliantúla don bhliain 2026.
Foilseofar an dréachtléarscáil bliantúil don bhliain 2026 ar an 1 Feabhra 2025. Tá deis ann aighneachtaí a dhéanamh ag moladh talamh a chuimsiú nó a eisiamh ón léarscáil deiridh bhliantúil do 2026, má bhraitheann tú go gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an talamh sin na critéir. Déanfaidh an t-údarás áitiúil na haighneachtaí sin a mheas sula bhfoilseofar léarscáil deiridh bhliantúil do 2026 ar an 31 Eanáir 2026, ina sainaithneofar an talamh a mbeidh cáin le híoc uirthi ar an 1 Feabhra 2026. Ní féidir iarratais ar athruithe ar chriosú talún a dhéanamh bunaithe ar an dréachtléarscáil bhliantúil. De réir reachtaíochta, ní mór gach iarratas ar chriosú talún a athrú a bheith bunaithe ar thalamh a shainaithnítear ar an Léarscáil Deiridh bhliantúil a fhoilseofar ar an 31 Eanáir 2025.
Conas Léarscáileanna CTCC do Chomhairle a fheiceáil
Beidh tú in ann breathnú ar Léarscáil Deiridh bhliantúil um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe d’údaráis áitiúil do 2025 ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil nó ina n-oifigí faoin 31 Eanáir 2025.
Beidh tú in ann breathnú ar Dhréachtléarscáil um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe d’údaráis áitiúil do 2026 ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil nó ina n-oifigí faoin 1 Feabhra 2025.
Sa liosta thíos, gheofar naisc chuig leathanach gréasáin CTCC gach údaráis áitiúil ábhartha. Déan teagmháil le do thoil le d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais faoi sin:
- Comhairle Contae Cheatharlach
- Comhairle Contae an Chabháin
- Comhairle Contae an Chláir
- Comhairle Contae Chorcaí
- Comhairle Cathrach Chorcaí
- Comhairle Contae Dhún na nGall
- Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
- Comhairle Contae Fhine Gall
- Comhairle Contae na Gaillimhe
- Comhairle Cathrach na Gaillimhe
- Comhairle Contae Chiarraí
- Comhairle Contae Chill Dara
- Comhairle Contae Chill Chainnigh
- Comhairle Contae Laoise
- Comhairle Contae Liatroma
- Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh
- Comhairle Contae Longfoirt
- Comhairle Contae Lú
- Comhairle Contae Mhaigh Eo
- Comhairle Contae na Mí
- Comhairle Contae Mhuineacháin
- Comhairle Contae Uíbh Fhailí
- Comhairle Contae Ros Comáin
- Comhairle Contae Shligigh
- Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas
- Comhairle Contae Thiobraid Árann
- Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
- Comhairle Contae na hIarmhí
- Comhairle Contae Loch Garman
- Comhairle Contae Chill Mhantáin