Irelands building energy ratings

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh na hÉireann


Cad is BER ann?

color-coded Building Energy Rating (BER) scale showing energy efficiency levels.

Is comhartha é Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) ar cé chomh tíosach ar fhuinneamh atá réadmhaoin. Ligeann sé do cheannaitheoirí nó do thionóntaí ionchasacha comparáid a dhéanamh idir éifeachtúlacht fuinnimh réadmhaoine.

Conas a Oibríonn sé?

De ghnáth, bíonn níos lú fuinnimh ag teastáil chun réadmhaoin ag a bhfuil rátáil níos airde, e.g. tithe ag a bhfuil an rátáil ‘A’, a théamh, agus bíonn níos mó fuinnimh ag teastáil chun tithe ag ceann íochtair an scála a théamh. Tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) freagrach as Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh a bhainistiú agus a chomhordú in Éirinn.

Cad iad na hathruithe atáthar a dhéanamh ar an scála BER ón 24 Bealtaine 2026?

Tá 15 aicmiú sa scála BER A-G atá ann cheana. Déanfar é sin a shimpliú ón 24 Bealtaine 2026, agus beidh 8 n-aicmiú i gceist. Beidh aicmiú nua ar a dtugtar A-Zero (A0) á thabhairt isteach ag barr an scála. Tugann an aicme nua sin na réadmhaoine is tíosaí ar fhuinneamh nach n-úsáideann breoslaí iontaise le fios. Ina theannta sin, beidh tuilleadh eolais a bhaineann go sonrach le do réadmhaoin ar fáil ar an deimhniú nua BER mar aon le comhairle maidir le conas rátáil do réadmhaoine a fheabhsú.

Cén fáth a bhfuiltear ag déanamh na n-athruithe seo?

Is í Treoir an Aontais maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh an chúis atá leis na hathruithe ar an BER atá ann cheana. Is é an sprioc atá ann cur chuige i leith rátálacha fuinnimh foirgnimh a chaighdeánú ar fud Bhallstáit an Aontais.

Cén tionchar a bheidh aige sin ar mo BER?

Tá na deimhnithe BER atá ann cheana bailí ar feadh 10 mbliana ón dáta eisiúna mura ndéantar athchóirithe fuinnimh. Bainfear úsáid as an scála nua i ndeimhnithe BER a eiseofar tar éis an 24 Bealtaine 2026.

Tuilleadh eolais:

Tá tuilleadh eolais faoi BERanna, lena n-áirítear na deontais atá ar fáil chun rátálacha BER a fheabhsú, ar fáil ag Teastas Rátála Fuinnimh Foirgnimh (BER)| Fuinneamh Baile | SEAI

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat