Tithíocht do Chách – Infheistíocht agus Maoiniú
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Forléargas
- Comhpháirtithe Maoinithe an Stáit
- Infheistíocht Phríobháideach/Institiúideach
- Acmhainní eile
Forléargas
Tá tacaíocht á tabhairt do Thithíocht do Chách le hinfheistíocht €20 billiún ón Stát i gcúrsaí tithíochta go dtí deireadh 2025. Cuirfear cuid shuntasach den infheistíocht seo i dtreo tithíocht a mhaoiniú agus a fhorbairt trínár gComhpháirtithe Maoinithe Stáit.
Meastar €12bn ar a laghad gach bliain a bheith ar luach an cheanglais chaipitil le 33,000 teach nua ar an meán in aghaidh na bliana a chur ar fáil go dtí an bhliain 2030, trí mheascán d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon.
Beidh sé ríthábhachtach rochtain ar fhoinsí inbhuanaithe maoinithe a chinntiú, idir fhoinsí poiblí agus príobháideacha, chun go n-éireoidh le Tithíocht do Chách go fadtéarmach.
Léigh an chuid ar Thithíocht do Chách ar ‘Caipiteal a chur ar fáil do Thithíocht’.
Comhpháirtithe Maoinithe an Stáit
Tacaíonn an Stát le maoiniú forbartha trí roinnt mhaith gníomhaireachtaí Stáit, lena n-áirítear:
Teaghais-Tógála Éireann (HBFI):
- talamh criosaithe le cead pleanála
- aonaid chónaithe phríobháideacha
- tithíocht shóisialta
- an maoiniú glas.
An Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (ISIF):
- forbairtí tionachtaí measctha
- gnéithe den tithíocht sóisialta.
An Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA):
- tithíocht shóisialta
- tithíocht inacmhainne
- tithíocht ar cíos de réir costais.
An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (HFA):
- tithíocht shóisialta
- cóiríocht do mhic léinn.
An Ghníomhaireacht Airgeadais Forbartha Náisiúnta (NDFA):
- tithíocht shóisialta
- cíos inacmhainne
- forbairtí tionachtaí measctha.
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA):
- tithíocht Shóisialta
- aonaid chónaithe phríobháideacha.
Maoiníonn NAMA a fhéichiúnaithe/a fhaighteoirí amháin, seachas é a bheith ag obair ar fud an mhargaidh iomláin.
Tá údarás ag gach ceann de na comhlachtaí Stáit seo tacú leis an tithíocht chónaithe a mhaoiniú agus a fhorbairt.
Infheistíocht Phríobháideach/Institiúideach
Meastar leis an samhaltú a rinneadh go mbeidh gá le maoiniú forbartha thart ar €12 billiún in aghaidh na bliana chun na spriocanna a leagtar amach i dTithíocht do Chách a bhaint amach. Beidh gá le formhór an mhaoinithe forbartha seo a fháil ó fhoinsí caipitil príobháideacha, a mheastar é a bheidh de luach €10 billiún in aghaidh na bliana.
Thart ar €6 billiún in aghaidh na bliana atá ar leibhéil reatha an mhaoinithe forbartha phríobháidigh sa mhargadh. Dá bhrí sin, chun an maoiniú forbartha atá ag teastáil chun 33,000 teach ar an meán a thógáil in aghaidh na bliana a chur faoi urrús, beidh gá le thart ar €4 billiún de mhaoiniú príobháideach breise in aghaidh na bliana.
Cuirfidh earnáil na baincéireachta baile cion den mhaoiniú seo ar fáil. Beidh gá le formhór an mhaoinithe a fháil ó fhoinsí idirnáisiúnta áfach, rud a leagann béim ar thábhacht mhór na hinfheistíochta institiúidí maidir le soláthar tithíochta breise a ghiniúint.
Tá roinnt beart i dTithíocht do Chách chun caidrimh le comhpháirtithe maoinithe idirnáisiúnta a neartú agus chun dul i dteagmháil le hinfheisteoirí institiúideacha chun an infheistíocht inbhuanaithe i gcóiríocht chónaithe a chur chun cinn.
Táthar ag déanamh dul chun cinn leis an obair seo trí Shruthoibre na hInfheistíochta, atá dírithe ar leordhóthanacht an mhaoinithe atá ar fáil chun spriocanna tithíochta atá i dTithíocht do Chách a bhaint amach agus chun an infheistíocht a chur chun cinn i dtithíocht chónaithe. Léigh na nótaí ó chruinnithe Shruthoibre na hInfheistíochta