Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Curiarracht de 14,017 teach críochnaithe sa chéad sé mhí de 2023

  • 7,353 teach críochnaithe i R2 2023
  • 14,017 teach a críochnaíodh sa chéad sé mhí de 2023, sin méadú 5.8% ar an tréimhse chéanna in 2022

Chuir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, fáilte roimh na figiúirí ar chríochnuithe tithe nua do R2 2023, a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar maidin.

Léiríodh san fhoilseachán gur críochnaíodh 7,353 teach nua i Ráithe 2 den bhliain seo. Cé gur laghdú beag 3.5% é seo ar na trí mhí chéanna de 2022, ar an iomlán, tá 14,017 teach curtha i gcrích sa chéad sé mhí de 2023, méadú 5.8% ar an tréimhse chéanna in 2022 agus an líon is airde críochnaithe don chéad leath d'aon bhliain a taifeadadh ó cuireadh tús le sraith sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh in 2011.

Críochnaíodh 4,017 áitreabh scéime i R2 2023, méadú 2% ó R2 2022, agus críochnaíodh 1,439 áitreabh aonair, méadú 7.2% ó R2 2022.

Dúirt an tAire O'Brien:

“Léiríonn figiúirí an POS inniu go bhfuil an soláthar ag méadú agus go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. Tá aschur réamh-mheasta tithíochta de 29,000 teach i dTithe do Chách in 2023, lena n-áirítear 9,100 teach sóisialta nuathógtha agus 5,500 teach inacmhainne, agus táim muiníneach go mbainfidh muid an sprioc sin amach – sin mura sáróimid é.

“Chuireamar tús an-dearfach le 2023. Leanann na figiúirí láidre seo ar chríochnú leis an dul chun cinn a tugadh faoi deara sna figiúirí tógála tosaigh, a d'eisigh mo Roinn an tseachtain seo caite, a léiríonn gur tosaíodh ar 15,561 teach nua a thógáil sa chéad sé mhí de 2023 – arb é an comhaireamh is airde ó cuireadh tús leis an tsraith sonraí in 2015 – léiríonn na sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh go bhfuair 11,659 teach cead pleanála in R1 2023, sin ardú 38% i gcomparáid le R1 2022.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat