Sonraí tosaithe míosúla Iúil foilsithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sonraí tosaithe míosúla Iúil foilsithe

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla maidir le líon na bhFógraí Tosaithe faighte (tús le hoibreacha tógála cónaithe) do mhí Iúil 2025.

Is léir ó na sonraí gur taisceadh 1,059 fógra tosaithe do thithe nua i mí Iúil 2025.

Ar bhonn rollach 12 mhí (Lúnasa 2024 go dtí Iúil 2025), fuarthas 40,124 fógra tosaithe.

As an 1,059 fógra tosaithe a taisceadh i mí Iúil, is teaghaisí scéime iad 35%, is árasáin iad 26% agus is tithe aonuaire iad 39%.

As an 7,384 fógra tosaithe ar fad, sa chéad seacht mhí de 2025 (Eanáir-Iúil), bhain 29% leis na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Bunaithe ar an údarás áitiúil, bhí an méid is mó tithe ar tosaíodh ag obair orthu i gCathair Bhaile Átha Cliath (1,459), Contae Chorcaí (628) agus Luimneach (461).

Rochtain an tacar sonraí tosaithe iomlán.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat