Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Straitéis Náisiúnta Tithíochta Nua do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 – 2027 seolta

• Leagann an straitéis amach go soiléir fís an Rialtais maidir le soláthar seirbhísí tacaíochta tithíochta agus gaolmhara do dhaoine faoi mhíchumas thar na cúig bliana amach romhainn

• Leagann straitéis nua béim níos mó ar mhaireachtáil neamhspleách a éascú agus a bheith san áireamh sa phobal

Sheol an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD; an tAire Stáit do Phleanáil agus Rialtas Áitiúil, Peter Burke TD; agus an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte TD, inniu (Dé hAoine an 14 Eanáir 2022) an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 - 2027. Leagann an Straitéis amach fís an Rialtais maidir le tithíocht agus tacaíochtaí gaolmhara a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus d'fhorbair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Sláinte agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige í. Tagann sé in ionad na Straitéise Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2011 – 2016 (sínte go 2021).

Cuireann an straitéis nua níos mó béime ar mhaireachtáil neamhspleách agus ar chuimsiú pobail ná mar a bhí leagtha amach sa straitéis roimhe seo. Beidh cur i bhfeidhm an phlean bunaithe ar phrionsabail Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Tá athbhreithniú déanta ag an Rialtas ar na struchtúir a mhaoirsíonn agus a chuireann an straitéis i bhfeidhm chun soláthar tithíochta agus tacaíochtaí gaolmhara do dhaoine faoi mhíchumas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos oiriúnaí dá gcuid riachtanas.

Forbraíodh an straitéis faoi threoirphrionsabail Tithíocht do Chách, plean náisiúnta an Rialtais do thithíocht go dtí 2030, agus féachann an straitéis le cuidiú le daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách leis na roghanna cuí agus smacht ar cá háit a bhfuil cónaí orthu, conas a mhaireann siad, agus cé leis a bhfuil siad ina gcónaí. Leagann an Straitéis béim ar rogha agus smacht a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar a socruithe maireachtála. Léiríonn sí tiomantas an Rialtais rochtain chomhionann ar thithíocht a sholáthar do chách.

Trí rochtain níos cothroime ar thithíocht a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas le seirbhísí tacaíochta comhtháite, cuirtear chun cinn a gcuimsiú sa phobal, ag comhlíonadh príomhghealltanas Tithíocht do Chách. Príomhghné is ea fócas ar chomhordú a dhéanamh ar sholáthar tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas leis na tacaíochtaí sóisialta a chuirtear ar fáil trí sheirbhísí míchumais atá maoinithe ag FSS.

Is toradh í an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 – 2027 ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin 8-mí, dhá chéim agus tá sé leagtha amach thar sé théama, agus sonraíonn gach ceann díobh sin na torthaí inmhianaithe chun an fhís fhoriomlán atá leagtha amach sa phlean a sheachadadh:

1 – Tithíocht agus Pobail Inrochtana

2 – Comhoibriú Idirghníomhaireachta agus Tacaíochtaí a Sholáthar

3 – Inacmhainneacht Tithíochta

4 – Cumarsáid agus Rochtain ar Fhaisnéis

5 – Eolas, Cumas, agus Saineolas

6 – Ailíniú Straitéise

Tá tús curtha anois le hobair ar an bPlean Feidhmithe an-tábhachtach don Straitéis. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta maoirsiú ar an obair seo. Foilseofar an Plean Forfheidhmithe faoi dheireadh ráithe 2, 2022 ina sonraítear conas a bhainfear torthaí amach.

Ag labhairt dó dúirt an tAire O’Brien:

"Leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Tithíochta nua do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022-2027 ár gcomhfhís maidir le seirbhísí tithíochta agus tacaíochta a sholáthar do na cúig bliana amach romhainn. Is é aidhm fhoriomlán an phlean uileghabhálach Tithíocht do Chách ná gur cheart go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar theach le ceannach nó le fáil ar cíos ar phraghas réasúnta, tógtha ar ardchaighdeán agus san áit cheart, a thairgeann ardchaighdeán beatha. Leagann an straitéis seo béim ar fhís an Rialtais.

“Tá sé tábhachtach go leanfaidh Grúpaí Stiúrtha Tithíochta agus Míchumais le príomhról a bheith acu mar fhóram chun torthaí na straitéise a sheachadadh ag an leibhéal áitiúil. Tá na Grúpaí Stiúrtha seo bunaithe i ngach ceantar údaráis áitiúil agus leagann an Straitéis seo amach an cosán dóibh chun a ról agus a bhfócas a athnuachan agus a bheochan le daoine faoi mhíchumas mar chroílár. Níl aon amhras orm go mbeidh freagairt níos comhtháite agus níos straitéisí mar thoradh air seo ar riachtanais daoine faoi mhíchumas ag an leibhéal áitiúil.”

"Táim ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar le mo chomhghleacaithe Rialtais agus le comhpháirtithe seachadta ar fud na hearnála chun fís na Straitéise seo a chur i gcrích."

Agus é ag trácht ar an Straitéis chomh maith, dúirt an tAire Burke:

Tá ullmhúchán na Straitéise Náisiúnta Tithíochta nua seo do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022-2027 treoraithe agus neartaithe ag taithí saoil na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine a thacaíonn leo. Ag tarraingt ar eolas agus léargas daoine aonair atá faoi mhíchumas, a ngrúpaí ionadaíocha agus iad siúd a oibríonn chun seirbhísí a sholáthar, tá fís sa straitéis chun athrú praiticiúil agus buan a bhaint amach. Tá súil agam go ndéanfaidh an t-athrú seo difríocht mhór do sholáthar tithíochta agus cóiríochta do dhaoine faoi mhíchumas ar fud na tíre.

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don phríomhról atá ag údaráis áitiúla. Mar údaráis tithíochta, tá a ról ríthábhachtach maidir lena chinntiú go gcuirtear an Straitéis i bhfeidhm ag an leibhéal áitiúil don saoránach.

“Is é an sprioc atá againn ná go mbeadh Éire ina háit níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas chun cónaí inti, rochtain a fháil ar an gcineál ceart tithíochta nó lóistín, áit a bhfuil roghanna ag daoine faoi mhíchumas agus a mbíonn siad rannpháirteach agus a dtéitear i gcomhairle maidir le cúrsaí agus cinntí a chuireann isteach ar a saol. Ba cheart go mbeadh sí ina tír ina dtacaítear le gach duine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách, páirt iomlán a ghlacadh inár sochaí, agus taitneamh a bhaint as caighdeán maireachtála ar aon dul leis an gcuid eile den daonra. Leagtar amach sa Straitéis seo ár gcúrsa ionas gur féidir le tithíocht a ról a imirt chun é sin a bhaint amach."

Ag fáiltiú roimh an Straitéis, dúirt an tAire Rabbitte:

“Cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú na Straitéise Náisiúnta Tithíochta Nua do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022-2027. Is í fealsúnacht an Rialtais seo ná ‘Tithíocht do Chách’, rud a chiallaíonn go gcaithfidh ár soláthar tithíochta a bheith cuimsitheach do dhaoine faoi mhíchumas. Tá áthas ar leith orm an bhéim ar Dhearadh Uilíoch sa Straitéis seo a fheiceáil.

“Tá áthas orm go raibh ionchur ag daoine faoi mhíchumas sa Straitéis seo a raibh baint acu leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGníomhaireacht Tithíochta as a rannpháirtíocht a éascú.

“Tá sé mar bhunphrionsabal lárnach den Straitéis Tithíochta seo do Dhaoine faoi Mhíchumas soláthar tithíochta a chomhordú agus a ailíniú le soláthar tacaíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta. Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe sa Rialtas, agus le FSS chun cur i bhfeidhm praiticiúil an chur chuige seo a bhrú chun cinn.

Is príomhchreat é Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas don chaoi a dtacaímid le daoine faoi mhíchumas in Éirinn agus tá sé lárnach don chaoi a ndeachaigh an rialtas i ngleic leis an Straitéis seo. Creidim go gcabhraíonn an Straitéis seo lenár dtiomantas faoin UNCRPD a chur chun cinn chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus mar chuid den phobal. Is féidir an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2022 – 2027 a fheiceáil anseo

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat