English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Oifigeach Logainmneacha

Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarratasóirí oiriúnacha chun folúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn don phost Oifigeach Logainmneacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, a líonadh.

Ról an Bhrainse Logainmneacha

Is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é an Brainse Logainmneacha. Tugann an Brainse Logainmneacha faoi thaighde ar logainmneacha na hÉireann chun leaganacha údarásacha Gaeilge a chur ar fáil maidir leis na logainmneacha sin chun críocha oifigiúla agus d’úsáid an phobail. Cuireann sé tacaíocht ar fáil don Choiste Logainmneacha freisin. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Bhrainse Logainmneacha.

Post an Oifigigh Logainmneacha

• Tacaíocht a thabhairt d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha chun cinntí a dhéanamh maidir le foirmeacha údarásacha Gaeilge na logainmneacha.

• Taighde a dhéanamh ar cháipéisí lámhscríofa agus foilsithe chun seanleaganacha de logainmneacha a aimsiú agus an t-ábhar sin a chur isteach go beacht i mbunachar sonraí na hoifige.

• Faisnéis a bhailiú maidir le cúlra stairiúil, teanga nó geografach na logainmneacha ionas gur féidir cinneadh a dhéanamh faoi na leaganacha cearta Gaeilge.

• An fhaisnéis a bhailítear faoi logainmneacha a eagrú go córasach agus é seo a phlé le baill eile den fhoireann d’fhonn cinneadh a dhéanamh faoi na leaganacha Gaeilge.

• Cúlra staire, teangeolaíochta nó tíreolaíochta logainmneacha a bhailiú chun cuidiú le cinntí a dhéanamh maidir leis na leaganacha cearta Gaeilge.

• Obair allamuigh a thabhairt i gcrích nuair is gá.

• Ábhar a ionchur ar Logainm.ie agus ceartúchán a dhéanamh ina leith.

• Seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí trí fhreagraí tapa a thabhairt ar iarrataí ar eolas i ndáil le logainmneacha agus freagra a thabhairt ar chomhfhreagras ilchineálach.

• Oidhreacht logainmneacha na hÉireann chomh maith le beartas agus ról an stáit maidir le foirmeacha Gaeilge a chur chun cinn trí ailt atá bunaithe ar an taighde a fhoilsiú go rialta agus trí fhreastal ar chomhdhálacha de réir mar is cuí.

An tSlí le hIarratas a Dhéanamh

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig

personnel@tcagsm.gov.iefaoin 3.00pm Dé Luain, 29 Lúnasa, 2022.

Leabhrán Faisnéise

Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.

Leabhrán Faisnéise d'Iarrthóirí
Amharc amharc
Aguisín 1
Amharc amharc

Foirm Iarratais

Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost an Oifigigh Logainmneacha, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.

Foirm Iarratas
Download link for Íoslódáil

Ráiteas Príobháideachais

Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.

Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc