An 5 Iúil 2018, cheadaigh an rialtas scéim ghinearálta an Bhille um Shábháilteacht Othar. Foráiltear leis an mBille seo do nochtadh oscailte éigeantach, fógra seachtrach éigeantach maidir le teagmhais sábháilteachta othar, treoir iniúchta cliniciúla agus sainchúram an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) a leathnú amach ionas go gcuimsítear leo uile na hospidéil phríobháideacha.
Táthar chun an Bille um Shábháilteacht Othar a tharchur chuig an gCoiste Sláinte anois.
San Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 2017, déantar foráil don chreat dlíthiúil chun tacú leis an nochtadh oscailte deonach. Tá feidhm ag an Acht maidir le gach uile theagmhas sábháilteachta othar lena n-áirítear neasteagmhais agus teagmhais gan díobháil. Tá foráil déanta ann do chur chuige oscailte agus comhsheasmhach maidir leis an gcumarsáid a dhéanamh le hothair agus lena dteaghlaigh agus i leith conas leithscéal a ghabháil, de réir mar is cuí, nuair a théann rudaí mícheart sa chúram sláinte.
Tá na forálacha ceaptha chun cosaint dhlíthiúil a thabhairt don fhaisnéis agus don leithscéal a dhéantar d’othar le linn nochtaithe oscailte nuair a dhéantar iad de réir na reachtaíochta. Ní féidir an leithscéal a úsáid i ndlíthíocht i gcoinne an tsoláthraí. Tá sé i gceist ag an gcur chuige timpeallacht dhearfach dheonach a chur i bhfeidhm a oireann don nochtadh oscailte.
Shínigh an tAire an t-ordú tosaithe don reachtaíocht seo an 3 Iúil 2018, agus shínigh sé na rialacháin a ghabhann leis an Acht an 4 Iúil 2018. Tháinig siad isteach i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2018.
Déantar leis na forálacha seo feabhas a chur ar chuid amháin den nós imeachta um an nochtadh oscailte agus tagann siad isteach mar bhreiseán leis na beartais agus na nósanna imeachta um nochtadh oscailte atá i bhfeidhm sa tseirbhís sláinte cheanna féin. Is é an chéad chéim eile ná an nochtadh oscailte éigeantach atá clúdaithe sa Bhille um Shábháilteacht Othar mar atá mínithe thuas.
Report on the Pre-Legislative Scrutiny on the ‘Open Disclosure’ provisions, to be included in the Civil Liability (Amendment) Bill – February 2017
CMO Opening Statement on Open Disclosure to the Joint Committee on Health – 13 October 2016