Polasaí don Oideachas Gaeltachta Tuarascálacha Taighde
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Meastóireacht neamhspleách ar Thionscadal Píolótach an r-Mhoil
Tionscadal Píolótach ar ríomh-Mhol trí mheán na Gaeilge - Athbhreithniú Idirnáisiúnta agus Tuarascáil Chomhairleach
Cuireann an tuarascáil seo na torthaí ó athbhreithniú idirnáisiúnta i láthair, athbhreithniú a tharla chun bonn eolais a chur faoi Thionscadal Píolótach ríomh-Mhoil nó ríomhscoil le seomraí ranga fíorúla chun tacú le hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.
Soláthar Scoile i Limistéir PleanálaTeanga Ghaeltachta: Soláthar Reatha agus Éileamh Amach Anseo Bealtaine (2015)
Tugtar foramharc sa tuarascáil seo ar an soláthar scoile sa Ghaeltacht. Snáithe amháin atá anseo den athbhreithniú ar oideachas Gaeltachta atá curtha i gcrích ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS).
Athbhreithniú ar an Oideachas sa Ghaeltacht:Athbhreithniú ar an Litríocht Náisiúnta (2015)
Scrúdaíonn an tuarascáil seo poitéinseal na dtograí agus na moltaí atá curtha chun cinn ag an taighde náisiúnta ar an gcaoi inar féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair na scoileanna Gaeltachta d’fhonn treoir a thabhairt do pholasaí ROS maidir le soláthar oideachais i limistéir Ghaeltachta.
Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta
D’eascair an t-athbhreithniú seo ar litríocht as iarratas ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar son na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Tuarascáil ar an Soláthar Oideachais trí mheán na Gaeilge i Scoileanna Gaeltachta: Cás-Staidéir Bunscoile agus Iar-bhunscoile (2015)
Tá fáil sa tuarascáil seo ar thorthaí roinnt cás-staidéar a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS) le linn na tréimhse Márta go Meitheamh 2014 i raon samplach bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht.