Patrick O'Donovan
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Patrick O’Donovan an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt. Ceapadh é sa ról seo an 23 Eanáir 2025.
Roimhe sin, bhí sé ina Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Roimhe sin bhí sé ina Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí; agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le freagracht ar leith as an nGaeltacht.
D’fhóin sé freisin mar Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le Freagracht Speisialta as Soláthar Poiblí, Rialtas Oscailte, agus ríomh-Rialtas, agus Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt.
Toghadh chuig Dáil Éireann é in 2011 do Dháilcheantar Chontae Luimnigh, agus sular toghadh chun na Dála é, bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Contae Luimnigh ó 2003-2011.
Féadfar teagmháil a dhéanamh leis ag patrick.odonovan@oireachtas.ie