Catherine Martin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is as Carraig Mhachaire Rois i gCo. Mhuineacháin Catherine ó dhúchas agus is í Leas-Cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus is TD i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Ráth an Dúin í ó mhí Feabhra 2016.
Nuair a bunaíodh Cácas Parlaiminte Ban an Oireachtais toghadh ina céad Chathaoirleach í air i mí na Samhna 2017.
Is céimí í Catherine de chuid OÉ, Má Nuad agus is amhránaí clasaiceach í. Chaith sí 16 bliana ag múineadh Béarla agus Ceol i bPobalscoil Naomh Tiarnán i nDún Droma sula toghadh go dtí an Dáil í.
Bhí sí ina Comhairleoir ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin idir 2014-2016 agus d'fhóin sí ar bhoird Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dún Laoghaire, Choláistí Breisoideachais Dhún Droma agus Stigh Lorgan chomh maith le Bord Phobalscoil Naomh Tiarnán.
Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath in éineacht lena fear céile agus a triúr leanaí.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Ms Martin ag catherine.martin@oireachtas.ie