Is í Hildegarde Naughton, TD an tAire Stáit ag an Roinn Iompair.
Toghadh Hildegarde le hionadaíocht a dhéanamh do thoghcheantar Iarthar na Gaillimhe in olltoghchán 2020. D’fhóin sí ar roinnt coistí an Oireachtais, Todhchaí an Chúraim Shláinte, agus Iniúchadh Buiséadta san áireamh. Ceapadh í mar Chathaoirleach an Choiste Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Timpeallachta in 2016.
Ba mhúinteoir bunscoile í Hildegarde agus toghadh í le Comhairle Cathrach na Gaillimhe in 2009. Ba mhéara na cathrach í in 2011/2012.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Naughton ag hildegarde.naughton@oireachtas.ie
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú