Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
D’fhoilsigh Eamon Ryan, T.D., an tAire Iompair agus Nichola Mallon MLA, an tAire Bonneagair, Páipéar le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.
Iarrann an tAire Iompair, i gcomhpháirtíocht leis an Aire Bonneagair, ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí a sholáthar maidir le todhchaí an iompair ar iarnróid ar oileán na hÉireann mar chuid d’Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin.
Breathnóimid san Athbhreithniú seo ar an gcaoi is féidir feabhas a chur ar an ngréasán iarnróid ar oileán na hÉireann chun nascacht inbhuanaithe a chur chun cinn sna cathracha móra agus idir na cathracha sin, inrochtaineacht réigiúnach a fheabhsú agus tacú le forbairt réigiúnach chothromaithe. Breathnóimid freisin san Athbhreithniú seo ar an gcaoi a n-úsáidtear na hiarnróid, conas a d’fhéadfaí iad a úsáid amach anseo agus conas is féidir an gréasán a fhorbairt chun freastal ar phobal oileán na hÉireann agus chun cuspóirí beartais a bhaint amach.
Príomhghné den Athbhreithniú is ea léargas a fháil ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal i gcoitinne. D’fhéadfadh an léargas seo luach suntasach a chur leis an athbhreithniú, toisc go gcuirfidh sé bonn eolais faoi chomhthéacs beartais níos leithne an tionscadail.
Iarrtar ar an bpobal ar spéis leo an comharliúchán seo dul chuig www.strategicrailreview.com áit ar féidir eolas a fháil ar na cuspóirí beartais atá mar bhonn leis an Athbhreithniú. Tríd an suíomh gréasáin, is féidir leis an bpobal ‘Páirt a ghlacadh’ ach freagra a thabhairt ar roinnt mórcheisteanna agus aon fhaisnéis bhreise a thabhairt a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don Athbhreithniú.
Tabhair faoi deara le do thoil, tá an fhaisnéis ar fáil i nGaeilge agus mar leagan Inrochtana do léitheoirí scáileáin agus táibléad. Le haghaidh tuilleadh cúnaimh téigh i dteagmháil le strategrailreview@arup.com
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5pm Dé hAoine 21 Eanáir 2022.
Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileán
updated
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur i d’aighneacht, agus toimhdeofar go bhféadfar gach faisnéis atá i d’aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cuirfidh na freagraí bonn eolais faoin Staidéar Athbhreithnithe maidir leis an iompar ar iarnród atá á dhéanamh ag na comhairleoirí ceaptha, Arup, sa mhéid a bhaineann le roghanna a bhreithniú.
Tabhair faoi deara le do thoil go gcuirfear aighneachtaí a gheofar ar fáil ar shuíomh gréasáin an Rialtais. Ar aon chaoi, beidh gach aighneacht a gheofar faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí
Tá faisnéis faoi na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil ag: gov.ie - Department of Transport (www.gov.ie )
Chun an comhairliúchán a fheiceáil cliceáil ar an gcnaipe thíos.