Dréacht-Fhodhlí um Uiscí Salmainide Ainmnithe le haghaidh Comhairliúchán Poiblí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tugann Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fógra go bhfuil sé ar intinn aige an Fodhlí um Uiscí Salmainide Ainmnithe a dhéanamh chun soláthar d’ainmniú na n-uiscí arna sonrú sa Sceideal leis an dréacht-fhodhlí mar uiscí salmainide a bheidh le bainistiú go príomha ar mhaithe le speiceas salmainide fiáin.
Draft Designated Salmonid Waters Bye-Law 2021
Más mian leat tuairimí ar an dréacht-fhodhlí a chur isteach, is féidir leat iad a sheoladh chugainn tríd an ríomhphost IFDPublicConsultations@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig:
Rannóg an Iascaigh Intíre
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Teach Leamháin
Bóthar Ghleann an Iarla
Baile an Chabháin
H12 A8H7
Éire
Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí ná 5.30i.n. Dé hAoine, an 20 Lúnasa 2021.
Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.
Tá rún daingean againn dul i mbun plé le páirtithe leasmhara ar mhodh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar breithniú ar na haighneachtaí agus ar an aiseolas uile sula n-achtófar an Fodhlí.
Tabhair do d’aire go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 2007-2014 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn a mbeidh sna haighneachtaí uile a fhaightear maidir leis an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Folóidh an Roinn sonraí pearsanta sula bhfoilseofar iad. Agus freagra á thabhairt ag páirtithe ar an gcomhairliúchán seo, i gcás ina mbeadh faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina bhfreagraí nár mhaith leo go scaoilfí faoin Acht um Shaoráil Faisnéis ná faoi na Rialacháin AIE í, ná go bhfoilseofaí ar shlí eile í, ba cheart dóibh an méid sin a léiriú go soiléir.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar an bhFógra maidir le Príobháideacht Sonraí de chuid na Roinne atá le fáil ar ár suíomh gréasáin agus ina dtugtar míniú ar an mbealach agus ar an uair a bhailímid sonraí pearsanta, ar an gcúis a dhéanaimid amhlaidh agus ar an tslí a ndéileálaimid leis an bhfaisnéis sin. Tugtar míniú ann freisin ar do chearta, i ndáil le sonraí pearsanta a bhailiú, agus ar an mbealach is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.