An Dara Plean maidir le Forbairt Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP II) – Comhairliúchán Poiblí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán oscailte
San am i láthair, táimid ag forbairt an dara Plean maidir le Forbairt Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta (OREDP II) – straitéis spáis náisiúnta nua na hÉireann dár dtodhchaí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta.
Tá an plean sin ar cheann amháin de na príomh-bhunchlocha don tsamhail fhadtéarmach amach anseo don earnáil fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Tugtar an Córas Marthanach ar an tsamhail agus ar an bhfís fhadtéarmach sin d’fhuinneamh inathnuaite amach ón gcósta in Éirinn.
Faoin gCóras Marthanach, cinnteoidh an Stát go ngnóthóidh gach duine na tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha a bhaineann le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta. Áirítear leis sin OREDP II a úsáid chun an teicneolaíocht cheart fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a roghnú lena húsáid sna háiteanna cearta. Tá céimeanna tábhachtacha eile i gceist leis an gcóras marthanach a fhorbairt, amhail an Beartas maidir le Hidrigin, an Beartas maidir le hIdirnascairí, agus an Mheasúnacht Eacnamaíoch. Tá gach ceann de na nithe sin á chur ar aghaidh faoi láthair.
Tá ríthábhacht ag baint le OREDP II maidir leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Íoslódáil an bróisiúr agus an ghrafaic faisnéise maidir le OREDP II.
Beidh OREDP II ina chreat ardleibhéil le haghaidh forbairt fhadtéarmach, inbhuanaithe agus phleanáilte a dhéanamh ar na hollacmhainní fuinnimh inathnuaite gaoithe, tonnta agus taoide atá ag Éirinn. Is an-mhór atá limistéar muirí na hÉireann: i roinnt áiteanna, tá sé suas le 370 km ar shiúl ón líne chladaigh. Ní mór dúinn sainaithint a dhéanamh ar limistéir dár bhfarraigí atá oiriúnach d’fhuinneamh inathnuaite, agus is gá dúinn breithniú a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta idirghníomhú le húsáidí muirí eile agus leis an mbithéagsúlacht.
Leagfar amach in OREDP II creat le haghaidh cén áit a bhforbrófar fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta sa todhchaí, mar chuid den chóras marthanach.
An bhfuil aon smaointe agat ar conas ba cheart leas a bhaint as acmhainní fuinnimh inathnuaite amach ó chósta na hÉireann? Má tá, is féidir leat páirt a ghlacadh inár gcomhairliúchán poiblí tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú idir an 24 Feabhra 2023 agus an 20 Aibreán 2023. Tá leagan inphriontáilte den suirbhé seo ar fáil le híoslódáil anseo a sheoladh tríd an bpost.
Fáiltítear go háirithe roimh thuairimí ó eagraíochtaí áitiúla turasóireachta, iascaireachta, fóillíochta agus spóirt agus ó aon duine a bhfuil spéis aige/aici in acmhainní muirí na hÉireann.
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ar an dréachtleagan de OREDP II agus ar na tuarascálacha measúnachta timpeallachta a ghabhann leis. Tá súil againn freisin léargais a ghnóthú ar na dearcthaí i leith fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta atá ann ar fud na hÉireann.
Fáiltímid go háirithe roimh thuairimí ó eagraíochtaí áitiúla turasóireachta, iascaireachta, fóillíochta agus spóirt agus ó aon duine a bhfuil spéis aige/aici in acmhainní muirí na hÉireann.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 11.59pm an 20 Aibreán 2023
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig OffshoreEnergyConsultation@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An Rannán um an Timpeallacht Amach ón gCósta agus um Thoiliú
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29 – 31 Bóthar Adelaide,
Baile Átha Cliath 2, D02 X285
Tá cóip den dréachtleagan de OREDP II agus den Tuarascáil Timpeallachta maidir leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ar fáil lena léamh trí choinne ag oifigí na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (ag an seoladh thuas) agus Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ag 3 Plás na Páirce, Sráid Haiste, Baile Átha Cliath, D02 FX65. Seol ríomhphost chuig OffshoreEnergyConsulation@decc.gov.ie chun coinne a shocrú.
Tá raon imeachtaí ar líne agus i bpearsa agus raon deiseanna for-rochtana pobail á n-eagrú againn mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar OREDP II chun feasacht a mhúscailt, agus aiseolas a fháil, ar an dréachtleagan de OREDP II agus ar na tuarascálacha timpeallachta a ghabhann leis.
Tionólfar sé imeacht ceardlainne do gheallsealbhóirí ar fud na tíre. Tabhair faoi deara go mbeidh spás teoranta ar fáil ag na ceardlanna agus go mbeidh sé riachtanach clárú dóibh roimh ré trí na naisc atá tugtha.
Offshore Renewable Energy Development Plan II: Draft Strategic Environmental Assessment Report
Offshore Renewable Energy Development Plan II: Draft Non-Technical Summary of the Strategic Environmental Assessment
Postálfar ar an leathanach seo go luath freisin faisnéis faoi conas clárú d’imeacht comhairliúcháin ar líne don phobal i gcoitinne. Is trí chuireadh amháin a bheifear in ann freastal ar na himeachtaí eile ceardlainne ar líne a thionólfar do gheallsealbhóirí.
Tá sé beartaithe gníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla for-rochtana pobail a thionól sna láithreacha cósta seo a leanas freisin: Cathair na Mart; Sligeach; Daingean Uí Chúis; Baile Chaisleáin Bhéarra; Baile Choitín; an Dún Mór Thoir; Cé na Cille Móire; Dún Laoghaire; agus Baile Brigín. Postálfar dátaí ar an leathanach seo go luath.
Cuireadh leagan digiteach de Thuarascáil Timpeallachta OREDP II le chéile chun tacú leis an gcomhairliúchán poiblí seo. Trí thimpeallacht 360 céim agus trí fhíseáin, iniúchtar sa Tuarascáil Dhigiteach an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta, lena n-áirítear a príomhfhionnachtana, a próiseas go dtí seo, agus na chéad chéimeanna eile.
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneofar na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseofar an leagan deiridh den dara Plean maidir le Forbairt Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, faoi réir fhorálacha na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007-2018, agus faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt acu ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe béim a leagan go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear sna freagraí uathu faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis faoi rún nár mhaith leo go scaoilfí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Cosanta Sonraí, rud ina mínítear conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a mbailímid iad agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear ann freisin na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta agus conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú.