Comhairliúchán leis an Tionscal – Athbhreithniú ar sholáthar na Seirbhíse Freagartha Glaonna Éigeandála (ECAS)
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é aidhm an chomhairliúcháin seo aiseolas a bhailiú ó gheallsealbhóirí faoi sholáthar na Seirbhíse Freagartha Glaonna Éigeandála, go háirithe i dtaca le hoibriú an chonartha reatha agus forbairtí teicneolaíocha.
Le hailt 58A go 58H den Acht um Rialáil Cumarsáide 2007 (“Acht 2007”), foráiltear do bhunú ECAS agus do nithe gaolmhara.
Tá ECAS freagrach as gach cumarsáid éigeandála a fhreagairt. Sainmhínítear ‘cumarsáid éigeandála’ in I.R. Uimh. 444/2022 mar chumarsáid trí bhíthin seirbhísí cumarsáide idirphearsanta idir úsáideoir deiridh agus an Pointe Freagartha Sábháilteachta Poiblí, agus an sprioc ann faoiseamh éigeandála a iarraidh agus a fháil ó sheirbhísí éigeandála. Is é an ról atá ag ECAS a shuí cén tSeirbhís Éigeandála atá á hiarraidh agus cén áit a bhfuil Seirbhísí Éigeandála ag teastáil chun an glao a atreorú chuig an ionad is cuí Rialaithe Seirbhísí Éigeandála.
Rachaidh conradh reatha ECAS in éag an 24 Samhain 2025, agus tá an Roinn ag ullmhú don phróiseas soláthair phoiblí agus d’oibritheoir a cheapadh chun ECAS a oibriú. Sa chomhthéacs sin, tá an Roinn ag seoladh comhairliúchán ar roinnt príomhnithe, lena n-áirítear oibriú an chonartha reatha agus forbairtí teicneolaíochta, rud a chabhróidh leis an Roinn feidhmiú éifeachtach leantach ECAS a chinntiú ó mhí na Samhna 2025 ar aghaidh.
Cabhróidh na freagraí leis an Roinn forbairt a dhéanamh ar na pleananna atá aici cáilíocht, iontaofacht agus feidhmiúlacht ECAS a fheabhsú, agus an léargas sin a bheith á úsáid chun dul chun tairbhe do dhaoine den phobal, do na seirbhísí freagartha éigeandála agus don tionscal teileachumarsáide.
Foilsíodh réamhfhógra faisnéise an 31 Eanáir. Is féidir mionsonraí faoin bhfógra sin a aimsiú anseo.
Thionóil an Roinn seisiún faisnéise ar líne le páirtithe leasmhara ó 2pm go 3pm an 21 Márta 2024.
Is féidir teacht ar na sleamhnáin thíos (atá ar fáil i mBéarla amháin)
Emergency Call Answering Service Industry Consultation - Information Session Presentation
Roimh thús an phróisis bheartaithe soláthair, agus chun tacú leis an gcomhairliúchán seo a chur i gcrích, tá sé beartaithe ag an Roinn seisiún faisnéise ar líne a thionól le páirtithe leasmhara ó 2pm go 3pm an 21 Márta 2024.
Ba cheart do pháirtithe leasmhara atá ag iarraidh leas a bhaint as an seisiún beartaithe faisnéise spéis a chur in iúl trí ríomhphost a sheoladh chuig ECASconsultation@DECC.gov.ie chun cuireadh a fháil.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5.30pm an 5 Aibreán 2024.
Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.
Iarrtar ort do fhreagra a chomhlánú trí úsáid a bhaint as an teimpléad atá tugtha.
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig ECASconsultation@DECC.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Comhairliúchán leis an Tionscal – Athbhreithniú ar sholáthar ECAS
An Rannán um Nuálaíocht Dhigiteach agus Éirchód
Teach an Leamháin,
Bóthar Ghleann an Iarla,
An Cabhán,
H12 A8H7
Comhairliúchán le Tionscal ECAS
Teimpléad Freagra don Chomhairliúchán le Tionscal ECAS
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Athbhreithniú.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta i bhfolach (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas: