Próiseas comhairliúcháin chun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Iúil 2023 reáchtáil an Roinn Oideachais próiseas comhairliúcháin phoiblí, ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara, chun eolas a sholáthar d’fhonn polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Tugadh cuireadh do bhaill an phobail agus do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear daoine óga, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí/oideoirí luathbhlianta, ceannairí scoile, baill bhoird bhainistíochta scoileanna, eagraíochtaí bainistíochta scoileanna, páirtithe leasmhara oideachais agus páirtithe leasmhara na Gaeilge, a n-ionchur a bheith acu ar an topaic thábhachtach seo.
Beidh na léargais agus an t-eolas ar phríomhcheisteanna a bailíodh le linn an phróisis seo mar fhoinse luachmhar chun treoir a thabhairt agus an polasaí á fhorbairt.
Aithneofar aicsin sa pholasaí nua ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun na príomhchuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
Bhunaigh an Roinn Oideachais Coiste Stiúrtha chun maoirseacht a dhéanamh agus treoir a thabhairt maidir le forbairt an pholasaí.
Foilsíodh tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar fhoinse tagartha tábhachtach don phróiseas comhairliúcháin agus d’fhorbairt an pholasaí.
Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht: Soláthar Reatha agus Réamh-mheastacháin don Todhchaí
An Overview of Provision for Irish-Medium Education outside of Gaeltacht Areas: Current Provision and Future Projections
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais dhá thuarascáil ilchodacha ar thorthaí cigireachta ar chaighdeán an tsoláthair oideachais i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in earrach 2021. Clúdaíonn na tuarascálacha an tréimhse 2017 go 2020. Tugann na tuarascálacha seo léargas ar chleachtas i scoileanna lán-Ghaeilge, a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar spéise dóibh siúd atá rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí.
Tuarascáil Ilchodach: Bunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Réamhthuarascáil mar Bhonn Eolais d’Fhorbairt Polasaí don Earnáil Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht
Tuarascáil Ilchodach: Iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Réamhthuarascáil mar Bhonn Eolais d’Fhorbairt Polasaí don Earnáil Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht
Tá athbhreithniú déanta ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an oideachas trí mheán na Gaeilge agus ar oideachas trí mheán mionteangacha eile agus cuirfidh an taighde seo le forbairt an pholasaí. Foilseofar torthaí an taighde seo in am tráth.
Bhí trí thréimhse idirghaolmhara i gceist leis an bpróiseas comhairliúcháin agus déantar cur síos ar na tréimhsí sin thíos.
Tugadh cuireadh do bhaill an phobail agus do pháirtithe leasmhara ceistneoir ar líne a chomhlánú agus/nó aighneacht scríofa a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais.
Bhí an ceistneoir ar líne ar fáil le comhlánú go dtí 16 Eanáir 2023.
Ba é 30 Eanáir 2023 an dáta deiridh d’aighneachtaí scríofa.
Reáchtáladh roinnt grúpaí fócais sa chéad leath de 2023 chun iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar na téamaí a d’eascair as an gcéad tréimhse den chomhairliúchán.
Bhí grúpaí fócais ar siúl i roinnt bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna (idir scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna meán-Bhéarla) chun tuairimí na bpáistí agus na ndaoine óga a chur san áireamh i bhforbairt an pholasaí.
Reáchtáladh tuilleadh grúpaí fócais le tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, oideoirí agus páirtithe leasmhara eile ó Aibreán go Meitheamh 2023. Reáchtáladh na grúpaí fócais seo ar-líne agus fiosraíodh téamaí ar nós:
Comhthreomhar le tréimhse 2, rinneadh tuilleadh teagmhála le páirtithe leasmhara áirithe mar chuid den phróiseas comhairliúcháin i bhfoirm cruinnithe déthaobhacha le hoifigigh na Roinne Oideachais.
Tá an taighde agus na torthaí maidir leis na tréimhsí seo á gcomhordú agus á n-anailísiú faoi láthair agus foilseofar tuilleadh ina leith seo sna míonna atá amach romhainn. Nuair a bheidh an anailís ar na trí thréimhse den chomhairliúchán curtha i gcrích, cuirfear tús le treo an pholasaí a shainaithint.
Pléifear le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear chuig an Roinn i gcomhréir dhlúth leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Is féidir teacht ar Pholasaí um Chosaint Sonraí na Roinne anseo . Is féidir teacht ar an bhFógra Príobháideachta anseo .
Má tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas comhairliúcháin ag teastáil, nó faoi fhorbairt an pholasaí, déan teagmháil ar ríomhphost le POLG@education.gov.ie nó ar an nguthán ar (01) 889 6408.