Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, comhairliúchán poiblí ar reachtaíocht mholta a leasóidh an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 chun an bealach chuig clárú oibrithe cúraim shóisialta le CORU a athrú le linn idirthréimhse Chlár na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh. Ceanglaítear le Treoir 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa go ndéanfaidh na Ballstáit tástáil comhréireachta sula dtabharfar isteach rialacháin ghairmiúla nua, nó sula leasófar rialacháin ghairmiúla atá ann cheana a chuireann srian le rochtain, nó tóraíocht, ar ghairmeacha rialáilte. Trasuíodh an Treoir i ndlí na hÉireann i mí Lúnasa 2022 (SI 413/2022). Toisc go leasaíonn an leasú atá beartaithe ar Acht 2005 foráil rialála atá ann cheana féin, tá measúnú á dhéanamh ag an Stát ar chomhréireacht an bhirt bheartaithe.