Glao ar Aighneachtaí: Ráiteas Straitéise 2023 - 2025
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag athbhreithniú a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2023 – 2025 faoi láthair.
Léiríonn Ráiteas Straitéise na Roinne gealltanais na Roinne mar atá sa:
Feidhmíonn an Ráiteas Straitéise mar chreat d’obair na Roinne, agus tá sé bunaithe ar mhisean agus sé sprioc straitéiseacha na Roinne. Soláthraíonn sé eolas ar conas a dhéanfar monatóireacht ar dhul chun cinn maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach, trí aschuir, torthaí agus táscairí feidhmíochta intomhaiste a shainaithint.
Beidh deis sa Ráiteas Straitéise 2023-2025 chun dul chun cinn atá déanta agus comhthéacs éabhlóideach na dtrí bliana seo caite a chur san áireamh, chun seasamh níos eolasaí don tréimhse 2023-2025 a léiriú agus a thaispeáint.
Tá aighneachtaí á lorg ag an Roinn anois maidir lena Ráiteas Straitéise. Seol d’aighneacht chuig strategy@housing.gov.ie .
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5pm, Dé hAoine an 21 Aibreán 2023.
Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2023-2025 na Roinne - Ráiteas Príobháideachais
Míníonn an ráiteas príobháideachais seo conas a phróiseálfaidh an roinn, mar an rialaitheoir sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di i ndáil le freagraí a fuarthas i leith an chomhairliúcháin phoiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2023-2025 na roinne.
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014, agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Cé is moite d’ainm agus do sheoladh, níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht nó i do thuairimí agus glacfar leis gur féidir gach faisnéis atá i d’aighneacht a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Tabhair faoi deara le do thoil, ar mhaithe le trédhearcacht, go ndéanfar gach aighneacht scríofa a gheofar a phostáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.