Irish Treaty Series

Chun teagasc, staidéar, scaipeadh agus tuiscint níos leithne ar an dlí idirnáisiúnta a éascú, tá sé mar nós againn ó 1930 i leith na comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an Stát páirteach iontu i Sraith Conarthaí na hÉireann a fhoilsiú, seachas roinnt eisceachtaí.

Tá téacs na gconarthaí go léir a foilsíodh i Sraith Conarthaí na hÉireann ó 1998, agus líon teoranta de chonarthaí roghnaithe a foilsíodh sna blianta roimhe sin ar fáil anseo. Is féidir leat teacht freisin ar Chomhaontuithe Idirnáisiúnta sínithe ach nach bhfuil daingnithe ag Éirinn.