Aonad Iniúchta Inmheánaigh agus AE
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an t-Aonad Iniúchta Inmheánaigh agus AE freagrach as a dhearbhú don Oifigeach Cuntasaíochta (Ard-Rúnaí) go gcomhlíontar bainistíocht riosca, córais rialaithe inmheánacha agus próisis rialúcháin na Roinne ar bhealach sásúil, éifeachtúil, éifeachtach. Cuirtear an obair seo i bhfeidhm dar le Plean/Timthriall Iniúchta Ilbhliantúil, atá faofa ag an Oifigeach Cuntasaíochta, agus a ndéanann Coiste Iniúchta na Roinne maoirseacht air.
Déantar obair an Aonaid, a thuairiscíonn go díreach chuig an Oifigeach Cuntasaíochta dar lena Chairt. Údarás Iniúchta an CSE atá ann freisin don Chlár Oibriúcháin PEIL (an Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim) agus déanann sé iniúchtaí faoi Airteagal 127 den Rialachán (AE) Uimh.1303/2013 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle.
Coinníonn an t-Aonad Iniúchta Inmheánaigh agus AE cuntas ar dhul chun cinn chur ibhfeidhm na moltaí a n-éiríonn as na tuarascálacha iniúchóra.
Déantar obair an Choiste Iniúchta dar lena Chairt agus tugann sé comhairle neamhspleách don Oifigeach Cuntasaíochta maidir le rialú inmheánach, bainistiú riosca agus cúrsaí iniúchta, agus déanann sé maoirseacht ar obair an Aonaid Iniúchta Inmheánaigh agus AE.
Tá cúigear ball ar Choiste na Roinne, triúr ionadaí seachtrach, duine acu atá ina chathaoirleach, agus beirt ionadaí inmheánach. Ceapann an t-Oifigeach Cuntasaíochta baill an Choiste Iniúchta.