Téigh i dTeagmháil leis an Roinn Dlí agus Cirt
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le gur fearr is féidir linn déileáil le d’fhiosrúchán, déan do mhachnamh le do thoil faoi cé acu rogha de na roghanna seo a leanas is mó is cuí duit.
Má bhí comhfhreagras agat roimhe seo leis an Roinn, nó le ceann dá hOifigí nó dá Gníomhaireachtaí, ach d’uimhir thagartha a lua cuideoidh sé linn chun tusa a shainaithint agus tabharfaidh sé tuilleadh cabhrach dúinn nuair a bheidh d’fhiosrúchán á phróiseáil againn.
Beidh ort teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Eadóireachta agus Inimirce na hÉireann Seirbhís Eadóireachta agus Inimirce na hÉireann má bhaineann d’fhiosrúchán leis an inimirce.
Ní bheidh rannóga nó rannáin eile den Roinn in ann cuidiú leat le fiosrúcháinn a bhaineann leis an inimirce.
Is ceart gach iarraidh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a dhíriú chuig:
Chun Iarraidh ar Rochtain ó Ábhar Sonraí a dhéanamh, íoslódáil an Fhoirm Iarrata ar Rochtain ó Ábhar Sonraí atá againn. Faigh tuilleadh eolais faoi Chosaint Sonraí sa Roinn Dlí agus Cirt.
Cuireann an Oifig Preasa agus Cumarsáide obair na nAirí agus na Roinne in iúl do na meáin, chomh maith le freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin agus ar iarrataí a fhaightear ó na meáin. Tá an oifig freagrach, freisin, as láithreacht na Roinne ar na meáin chumarsáide ar líne, lena n-áirítear suíomh gréasáin na Roinne agus ardáin meán sóisialta na Roinne amhail Twitter agus Flickr.
Tá freagracht fhoriomlán ar an gceannasaí cumarsáide as gníomhaíochtaí agus cumais chumarsáide agus meán sóisialta na Roinne a bhainistiú agus a fhorbairt ar leibhéal straitéiseach, lena n-áirítear freagracht as foireann na hOifige Preasa agus Cumarsáide. Tá an fhoireann ar an gcéad phointe teagmhála le haghaidh fiosrúchán ó na meáin chumarsáide.
Tacaíonn an fhoireann leis an gceannasaí cumarsáide, freisin, ina ról maidir le caidreamh leis na meáin a chomhordú ar fud na Roinne.
An Ceannasaí Cumarsáide
Áine Griffin
An Preasoifigeach
Charlotte Smith | Fón: 01 602 8358
Foireann Phreasoifig na Roinne Dlí agus Cirt
Cian McGonigle | Fón: 01 602 8252
Conor O’Riordan | Fón: 01 602 8712
Rachel Breen | Fón: 01 602 8219
Is féidir breathnú ar ghrianghraif inár n gailearaí grianghraf ar Flickr .
Cé go bhfuil an Roinn Dlí agus Cirt comhdhéanta de rannóga agus rannáin éagsúla, tá roinnt Oifigí agus Gníomhaireachtaí faoina coimirce freisin.
Tá fáil agat ar liosta de na hOifigí agus Gníomhaireachtaí go léir a thagann faoinár gcoimirce anseo . Is ceart aon fhiosrúcháin a bhaineann leis na comhlachtaí sin a sheoladh chucusan go díreach, agus áirítear naisc chuig na suímh ghréasáin ar leith atá acu inár liosta.
Léigh
Beartas Meán Sóisialta na Roinne Dlí agus Cirt.
Lean sinn ar:
Más rud é nach mbaineann d’fhiosrúchán leis na catagóirí a leagtar amach thuas, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn leis an bpost, ar an bhfón nó le ríomhphost mar a leanas:
Féach thíos, le do thoil, ár bhFógra Príobháideachais, ina bhfuil tuilleadh faisnéise faoin gcaoi a ndéanaimid do chuidse sonraí a phróiseáil nuair a théann tú i dteagmháil leis an Roinn Dlí agus Cirt.
Tá teacht, freisin, ar shonraí teagmhála le haghaidh Ranna Rialtais, Oifigí agus Gníomhaireachtaí Stáit, lena n-áirítear an Roinn seo agus ár comhlachtaí comhbhainteacha, in Eolaire an Stáit .
Seo léarscáil idirghníomhach ionad i leith na Roinne Dlí agus Cirt, a hoifigí agus gníomhaireachtaí.