Ár Seirbhís Phoiblí 2020 agus Nuálaíocht
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Ár Seirbhís Phoiblí 2020 an creat don fhorbairt agus don nuálaíocht sa tseirbhís phoiblí. Seoladh é i mí na Nollag 2017, ag teacht i ndiaidh dhá phlean athchóirithe na seirbhíse poiblí a thosaigh in 2011.
Díríonn an chéim seo d’athchóiriú na seirbhíse poiblí ar thacú le dul chun cinn inbhuanaithe, leanúnach ar fud na seirbhíse poiblí.
Tá sé mar aidhm aige seo seirbhís phoiblí níos láidre a thógáil agus seirbhísí ar chaighdeán níos fearr a sholáthar do phobal na hÉireann.
Tá Ár Seirbhís Phoiblí 2020 tógtha ar thrí cholún:
Cuireadh tús le cur i bhfeidhm an chreata in 2018 agus bhí 18 ngníomh ceannlíne san áireamh a chuimsigh na trí philéar agus a bhí ionadaíoch ar leasuithe straitéiseacha trasghearrtha atá á gcur i bhfeidhm ar fud na seirbhíse poiblí.
Is í an fhís don Ghníomh 14 seo de Ár Seirbhís Phoiblí 2020 ná seirbhís phoiblí a fhorbairt a chuireann luach ar fhoghlaim agus ar fhorbairt chun tacú le bealaí gairme bríocha do ghairmithe agus do ghinearálaithe, beag beann ar ghrád nó suíomh, agus a sholáthraíonn deiseanna don fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil a théann chun leasa an duine aonair, na heagraíochta ina n-oibríonn siad, agus na saoránaigh ar a ndéanann siad freastal.
Is í an aidhm ná cultúr a spreagadh ar fud ár n-eagraíochtaí seirbhíse poiblí a dhíríonn ar dhaoine agus ar fhoghlaim. Déantar é seo chun timpeallacht a sholáthar ina dtugtar aitheantas agus ina léirítear meas ar fhoghlaim agus ar fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil mar phríomhchúinsí ratha maidir le lucht oibre beo-intinneach a thógáil, daoine a fhorbairt agus a choinneáil agus seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar.
Cuimsíonn an gníomh seo gach ceann de na tionscnaimh agus na deiseanna foghlama agus forbartha a mbíonn tionchar acu ar na róil atá ag daoine faoi láthair ar fud na seirbhíse poiblí, chomh maith leis na róil a bheidh acu sa todhchaí. Níl sé teoranta d’oiliúint ‘ghairmiúil’ amháin mar a éilítear i réimsí ar leith, amhail leigheas agus teagasc. Ina áit sin, cuimsíonn sé soláthar a dhéanamh do dheiseanna foghlama agus forbartha, ag ceadú soghluaisteacht agus iasachtaí sealadacha, agus, nuair is gá, luachanna cultúrtha a athrú chun tairiscintí um Fhorbairt Phearsanta agus Ghairmiúil Leanúnach (CPPD) a threisiú. Baineann sé le lucht oibre beo-intinneach a fhorbairt atá ullmhaithe do, agus a fhéadfaidh oibriú le, athruithe agus castachtaí.
Tá an tionscadal seo críochnaithe anois. Rinne Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, agus Ard-Stiúrthóir an Údaráis um Ard-Oideachais, an Dr. Alan Wall Foireann Gníomh 14 a stiúradh i gcomhpháirt. D'fhorbair an Fhoireann Gníomh 14 na tionscnaimh seo a leanas:
Tá siad seo le feiceáil ar chuid Gníomh 14 de Láithreán Gréasáin an OPS2020.
Tá an chéad chéim eile d’Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí á fhorbairt anois agus treoróidh Oifig an Chláir um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí a cur i bhfeidhm ar fud na hEarnála Oideachais.
Is éard atá i gceist le nuálaíocht ná rudaí a dhéanamh ar bhealaí nua nó difriúla chun iad a fheabhsú. Tá gá ag ár saol atá ag athrú le nuálaíocht chun seirbhísí a phleanáil agus a fhorbairt. Bhunaigh Ár Seirbhís Phoiblí 2020 , an plean reatha um athchóiriú na seirbhíse poiblí, foirne chun díriú ar nuálaíocht a spreagadh ar fud na seirbhíse poiblí. Tá úsáid mhéadaithe acmhainní digiteacha dírithe ar riachtanais úsáideoirí seirbhíse, ar phleanáil straitéiseach fheabhsaithe agus ar chomhoibriú níos fearr ar fud na seirbhíse poiblí tar éis cabhrú le cultúr nuálaíochta a chur chun cinn, bunaithe ar fhianaise agus ar mheastóireacht.
Foilsíodh Straitéis Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí i mí na Samhna 2020, chun nuálaíocht a leabú d’fhonn seirbhísí feabhsaithe a sholáthar anois agus sa todhchaí. De réir na Straitéise seo, ar tiomantas anois é i Ráiteas Straitéise reatha na Roinne Oideachais, is iad trí thosaíocht na Roinne ná tacú le:
Trí chur chuige nuálach a spreagadh, tugtar de chumhacht don fhoireann seirbhísí ardchaighdeáin, éifeachtacha agus ábhartha a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara na Roinne agus spreagtar é ar fud na Roinne agus na hearnála oideachais i gcoitinne, dá réir. Leanfaidh an Oifig um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí ag obair le comhpháirtithe chun cultúr nuálaíochta a dhoimhniú agus chun leanúint orthu á thiomáint sin chun cinn ar fud na Roinne agus na hearnála chun cuidiú leis an todhchaí a mhúnlú.
Eagraíonn an Oifig um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí Seachtain Nuálaíochta na roinne, a thugann deis don fhoireann agus don phobal oideachais i gcoitinne aird a dhíriú ar nuálaíocht laistigh dá n-eagraíochtaí agus daoine eile a spreagadh chun na deiseanna a fheiceáil d’fhonn seirbhísí níos fearr agus níos éifeachtaí a sholáthar don phobal.
Dhírigh Seachtain Nuálaíochta 2021 , a tharla ó 8 go 12 Samhain, ar na trí thosaíocht a sainaithníodh i Straitéis Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí trí fhoghlaim ó na bealaí nua smaointeoireachta agus oibre a d’eascair le bliain anuas a roinnt.
D'óstáil Oifig an Chláir um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí ocht seimineár gréasáin idirghníomhacha, léiriú ceoil lasmuigh le Music Generation agus taispeántas ealaíne ar líne le linn Seachtain Nuálaíochta 2021, ag díriú airde ar an tslí a bhfuil earnáil an oideachais ag nuáil chun cruthaitheacht agus cur chuige nuálach a thabhairt chuig an seomra ranga. Bhí oifigigh na Roinne páirteach i dteannta le gníomhaireachtaí agus scoláirí. Tá fáil thíos ar sceideal imeachtaí Sheachtain na Nuálaíochta 2021:
Dáta | Imeacht | ||
Dé Luain, 8 Samhain | "Why and how the Department of Education is designing, developing and delivering innovative, creative and considered approaches in the classroom" An Rannóg Beartas, Churaclam agus Measúnachta agus Éire Ildánach | "How Nao the robot is assisting students in Co. Sligo primary schools to learn French”, Debbie Woodward, Léachtóir, Institiúid Theicneolaíochta Shligigh | |
Dé Máirt, 9 Samhain | “How inter-agency collaboration led to shared approach paperwork and increased teacher autonomy in planning for teaching and learning” ” Comh-chur i láthair ón gCigireacht, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí | ||
Dé Céadaoin , 10 Samhain | ‘The evolution of post-primary school building design in Ireland’ , Niamh Barry, Cigire | Léiriú ó Music Generation ag Clog an Túir sa Roinn | |
Déardaoin, 11 November | “Experiencing the power of change in education and building capacity for innovation among students” Alan Morgan, Acadamh Nuálaíochta UCD | ||
Dé hAoine, 12 Samhain | Ceardlann ar líne le mic léinn – “From Stress to Co-creation – re-imagine our role through the eyes of service-users”. An cheardlann éascaithe ag Scoil Ealaíne Bhoirne | Gráid Chreidiúnaithe agus Scrúduithe Ardteistiméireachta 2021 a sholáthar go comhthreomhar – cur i láthair ón gCoimisiún um Scrúduithe Stáit | |
8-12 Samhain | Taispeántas Grianghrafadóireachta Ar Líne - ‘Lá i saol Ráth Caola - íomhánna, físeáin agus bróisiúir á óstáil ar líne D’eascair an tionscadal seo trí chomhairliúchán guth óige a rinne Comhordaitheoir um Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach (LCYP) le daoine óga ó Sheirbhís Óige Luimnigh, Foróige agus Críochnú Scoile Iarthar Luimnigh i Ráth Caola |
Is ciste iomaíoch é Ciste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le smaointe nuálacha ó eagraíochtaí ar fud na seirbhíse poiblí agus iad a fhíorú. Fuair fiche tionscadal éagsúil maoiniú suas le €60,000 in 2021. Tá maoiniú Chiste Nuálaíochta 2022 ar oscailt go dtí 17 Nollaig 2022 (féach Treoir Faisnéise DPER).
Bronnadh maoiniú cheana faoin scéim seo ar roinnt tionscadal nuálaíochta san earnáil oideachais, lena n-áirítear:
Spreagann Nuálaíocht a Fhíor - Straitéis Nuálaíochta Seirbhíse Poiblí na hÉireann - eagraíochtaí seirbhíse poiblí nascadh agus comhoibriú ar fud an éiceachórais níos leithne chun nuálaíocht a scálú tuilleadh. Le déanaí, sheol an tAire Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí, Michael McGrath, dúshlán píolótach nua i gcomhpháirt leis an tionscal ar a dtugtar an "Future Tech Challenge" . Spreagann an comórtas seo eagraíochtaí seirbhíse poiblí chun fadhbanna féideartha a chur chun cinn a chreideann siad a d’fhéadfaí a réiteach trí theicneolaíochtaí níos nuaí a úsáid. Cuirfidh urraitheoirí an chomórtais duaiseanna oibre, táirge nó ábhair ar fáil, suas le luach €100,000 do na dúshláin is fiúntaí agus is mó tionchair a chuireann Comhlachtaí na Seirbhíse Poiblí chun cinn. Foilseoidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sraith cás-staidéir ina dtabharfar breac-chuntas ar an tslí ar éirigh leis an teicneolaíocht nua seo sa dúshlán tar éis don réiteach a bheith curtha i bhfeidhm.
Cé go ndíríonn an chéad dúshlán seo ar rannpháirtíochtaí le cuideachtaí teicneolaíochta seanbhunaithe domhanda (Amazon Web Services (AWS), Cisco, agus IBM le comhairle ó GFT Éireann), tá leagan eile den dúshlán á phleanáil don Earrach 2022, ag díriú ar chomhoibriú breise le fiontair bheaga agus mheánmhéide le sainchúnamh Fiontraíocht Éireann
Coinníonn Mol Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí nuacht bainteach le nuálaíocht, faisnéis faoi imeachtaí, cás-staidéir ar nuálaíocht sármhaith sa tseirbhís phoiblí, agus deiseanna le haghaidh féinfhorbartha agus maoinithe.