Is ionann an Chigireacht agus rannóg na Roinne Oideachais atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar bhunscoileanna agus ar iarbhunscoileanna agus ar ionaid oideachais. Cuireann cigirí comhairle ar fáil ar raon saincheisteanna oideachais do phobail scoile, don lucht déanta beartas sa roinn agus don chóras oideachais níos leithne freisin.
Tá na cigirí go léir ina múinteoirí a bhfuil taithí acu. D’oibrigh cuid mhór acu mar phríomhoidí scoile, mar leas-phríomhoidí nó mar chomhairleoirí le seirbhísí tacaíochta scoile freisin. Tá taithí ag daoine eile ar churaclaim a dhearadh agus ar chleachtais mheasúnaithe a chur chun feidhme, ar bhainistíocht scoile agus ar thaighde oideachais.
Déanann an Chigireacht na nithe seo a leanas:
Soláthraímid aiseolas ó bhéal don phobal scoile ag deireadh na gcigireachtaí seo agus soláthraímid tuarascáil phriontáilte a fhoilsítear ar ár suíomh Gréasáin.