Beartas Twitter An Roinn Oideachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is í an fhoireann cumarsáide na Roinne Oideachais a dhéanann an cuntas @Education_Ire a fheidhmiú agus a bhainistiú.
Má leanann tú @Education_Ire , tiocfaidh tú ar tvuíteanna, ar ghrianghraif agus ar fhíseáin a bhaineann le gníomhaíochtaí na Roinne sna réimsí seo a leanas:
Má leanaimid cuntais eile Twitter tríd an gcuntas @Education_Ire agus má dhéanaimid ábhar a atvuíteáil uathu, ní ionann é sin agus a rá go n-aontaímid le aon tvuíteanna, le haon eagraíochtaí ná le haon daoine aonair lena mbaineann. Má thosaíonn tú ag leanúint @Education_Ire , ní leanfaimid go huathoibríoch thú. Is é an aidhm atá leis sin cabhrú lenár leantóirí sainaithint a dhéanamh ar chuntais eile Twitter a bhíonn á leanúint againn – gníomhaireachtaí stáit agus ranna eile ina measc.
Tá an cuntas@Education_Ire ina uirlis éifeachtach ‘craolacháin’ trína gcomhroinntear faisnéis le daoine a bhfuil spéis acu san oideachas. Ar an drochuair, ní féidir linn freagraí ná aiseolas eile a thabhairt dár leantóirí.
Ní fhéachtar ar theachtaireachtaí a sheoltar trí Twitter mar chumarsáid oifigiúil leis an Roinn. Ba cheart teagmháil den sórt sin a dhéanamh trínár n-aonaid ghnó, a bhfuil a sonraí ar fáil ar ár suíomh Gréasáin – féach Déan Teagmháil Linn. Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag info@education.gov.ie freisin.
Ná tabhair aon fhaisnéis phearsanta/phríobháideach nuair a sheolann tú tuít chuig @Education_Ire .
Bíonn @Education_Ire i mbun oibre le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. D’fhéadfadh go mbeadh sé i mbun oibre lasmuigh de na huaireanta sin de réir mar is rogha leis freisin. Ní bhíonn fáil ann ar Twitter i gcónaí, ar an drochuair. Ní bhíonn smacht ag an Roinn ar agaí neamhfhónaimh Twitter.