Grúpaí agus Coistí díolmhaithe faoin gCód Trédhearcachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar aon dul le prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, oibríonn na grúpaí seo a leanas faoi na treoirlínte atá leagtha amach sa Chód Trédhearcachta. Ciallaíonn sé seo go bhfoilsítear ballraíocht agus clár oibre na ngrúpaí, agus miontuairiscí agus cláir oibre na gcruinnithe uile anseo ar an suíomh Gréasáin seo.
Gheofar tuilleadh sonraí faoin gCód Trédhearcachta anseo.
Ag leanúint dá ról comhairleach tosaigh i bpleanáil do scrúduithe stáit 2020 tugann an Grúpa Comhairleach ar Phleanáil do Scrúduithe Stáit .
Bunaíodh an Grúpa Comhairleach chun socruithe athraithe a aithint maidir le reáchtáil na scrúduithe stáit in 2020, maidir le foghlaim scoláirí a dheimhniú in 2020, agus maidir le haon ghníomhartha iarmhartacha a thiocfadh chun cinn agus chun comhairle a chur ar fáil don Aire agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit ina leith sin.
Tá Grúpa Comhairleach DEIS comhdhéanta d’ionadaithe ó pháirtnéirí an oideachais, Ranna Rialtais ábhartha, an Foras Taighde ar Oideachas, Tusla agus Oifigigh na RO.
Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO na Roinne Oideachais.
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta i Márta 2017 chun tacú le cur i bhfeidhm céimnithe an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
Is é ról an Bhoird seo treoir agus tacaíocht aontaithe a chur ar fáil don tionscadal seirbhísí comhroinnte párolla san earnáil Ardoideachais.
Tacaíonn an Fóram le hathrú a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta in earnáil na bunscoile agus déantar faisnéis a mhalartú ar chuspóir agus ar thionchair na ngníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas d’fhonn sineirgí agus deiseanna a fhiosrú do scoileanna chun cur i bhfeidhm a shruthlíniú agus dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le hualach oibre.
Grúpa Stiúrtha le comhairle, faireachán, agus maoirseacht, comhordú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar thástáil naSamhla nua um Chuimsiú Scoile mar atá faofa ag an Rialtas an 12 Feabhra 2019.
Beidh an Grúpa Oibre freagrach don Ghrúpa Chur Chun Feidhme agus cuirfidh siad moltaí faoina bhráid.
Beidh an Grúpa Oibre freagrach don Ghrúpa Chur Chun Feidhme agus cuirfidh sé moltaí faoina bhráid.
Tugann an Grúpa Chur Chun Feidhme maidir le Soláthar Múinteoirí tacaíocht d’obair an Ghrúpa Stiúrtha maidir le Soláthar Múinteoirí trí ghnóthaí a aithint agus clár gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm ar sholáthar múinteoirí.
Beidh an Grúpa Oibre freagrach don Ghrúpa Chur Chun Feidhme agus cuirfidh siad moltaí faoina bhráid. Áireofar ar na moltaí, sraithchlár gníomhaíochtaí, le clár ama agus, nuair is cuí, costais mheasta /riachtanais acmhainní.
Aithneofar an príomhghníomhaire do gach gníomh freisin.
Grúpa Stiúrtha na Roinne Oideachais maidir le Soláthar Múinteoirí.