Príomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach ) (Gaeilge)
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag iarraidh painéal de dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu a bhunú chun folúntais Phríomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach) le Gaeilge a líonadh in oifig an Choimisinéara Teanga atá lonnaithe sa Spidéal, Co. na Gaillimhe agus folúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go háirithe i réigiún na Gaillimhe, a líonadh. Ós rud é gurb í an Ghaeilge teanga oibre na hOifige/an Rannáin, ní mór d’iarrthóirí a bheith ábalta oibriú trí Ghaeilge.
Is grád bainistíochta sinsearaí é Príomhoifigeach Cúnta sa Státseirbhís agus is ról ríthábhachtach bainistíochta é i gcur i bhfeidhm bheartas an rialtais sna réimsí eacnamaíocha, airgeadais, idirnáisiúnta, comhshaoil agus/nó sóisialta.
Cé go mbeidh freagrachtaí agus príomhspriocanna inghnóthaithe maidir le ról an Phríomhoifigigh Chúnta sa Státseirbhís éagsúil ag brath ar an earnáil agus ar an Roinn/Oifig ina n-eascraíonn an folúntas, de ghnáth áirítear orthu:
Tabhair do d’aire nach liosta uileghabhálach é an liosta freagrachtaí thuas.
Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.
Leabhrán faisnéise d'iarrthóirí
Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost an Phríomhoifigigh Chúnta, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.
Foirm iarratais: Príomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach) (Gaeilge)
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie
Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 12:00 meán lae Dé Luain an 18 Deireadh Fómhair 2021.
.
Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.
Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.
Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.