An Foras Teanga
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bunaíodh An Foras Teanga ar 2 Nollaig 1999, agus é ar cheann de 6 Chomhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bunaíodh faoi Acht Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.
Tá dhá Ghníomhaireacht mar chuid den Fhoras Teanga is iad sin Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch (Gníomhaireacht na hUltaise) .
• Foras na Gaeilge, a tháinig mar chomharba ar Bhord na Gaeilge agus is é príomhchúram na hEagraíochta na an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann, agus
• Tha Boord o Ulstèr-Scotch (Gníomhaireacht na hUltaise), a bhfuil phríomhchúram teanga agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud oileán na hÉireann.
Tá an Foras Teanga freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) agus do na hAirí sna Ranna Urraíochta, i.e. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Roinn Pobal (RP) i dTuaisceart Éireann.
Is é an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Uimhir 1 de 1999) an bonn reachtúil do Chomhlachtaí Forfheidhmithe Trasteorann, lena n-áirítear An Foras Teanga. Is féidir teacht ar an reachtaíocht phríomha seo ag an nasc seo a leanas in éineacht le reachtaíocht phríomhúil agus thánaisteach ina dhiaidh sin: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/reachtaiocht-an-foras-teanga/
Cuirtear maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ón Roinn Pobal (RP) i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).
Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus 25% ón RP.
Déantar Tha Boord o Ulstèr-Scotch a chómhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus 75% ón RP.
Ina theannta sin, cuireann an Roinn seo maoiniú breise ar fáil d’Fhoras na Gaeilge i leith gníomhaíochtaí imfhálaithe a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
Is é ról Chlár na Leabhar Gaeilge ná tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh léitheoireachta, scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta i nGaeilge.
Is tionscnamh trípháirteach atá i gceist le Colmcille ar mhaithe le Gaeilge agus Gàidhlig na hAlban a chur chun cinn. Ag éirí as cinneadh CATT i Samhain 2014, leanfaidh Foras na Gaeilge le cur chun cinn Cholmcille ar oileán na hÉireann agus leanfaidh Bòrd na Gàidhlig ar aghaidh ag cur Colmcille chun cinn in Albain. Díreoidh comhghrúpa oibre idir-áisíneachta ar thionscadail straitéiseacha, tosaíochtaí cistithe agus tionscnaimh chomhoibrithe eile, mar aon le dea-chleachtas a roinnt agus naisc inbhuanaithe a chruthú sa phobal.
Cuirtear maoiniú na Roinne seo don Fhoras Teanga ar fáil faoi Fhomhír C.9 de Vóta na Roinne agus is é €18.7m an t-ollsoláthar atá ar fáil in 2024. San áireamh sa soláthar seo tá €650,000 do thionscadail caipitil faoi Scáth Oileán Comhroinnte.
Tá bord an Fhorais Teanga comhdhéanta de bhoird na nGníomhaireachtaí le chéile. Is 16 chomhalta atá ar bhord Fhoras na Gaeilge agus 8 gcomhalta atá ar bhord Tha Boord o Ulstèr-Scotch. Is é an CATT a dhéanann na ceapacháin sin ar bhonn ainmniúchán 50:50 Thuaidh agus Theas. Is mar seo a leanas sonraí maidir le baill na mbord i láthair na huaire:
FORAS NA GAEILGE | Tréimhse | |||||
8 ainmniúchán ón Deisceart, an Cathaoirleach san áireamh | ||||||
8 ainmniúchán ó Thuaisceart Éireann, Leas-Chathaoirleach san áireamh | ||||||
ó | go dtí | |||||
Cathaoirleach | Regina Uí Chollatáin | Ó Dheas | 05/05/2021 | 04/05/2025 | ||
Leas Chathaoirleach | **Conor McGuinness | Ó Thuaidh | 30/07/2021 29/01/2024 | 29/01/2024* 29/06/2026* | ||
Ball | Liam Rushe | Ó Dheas | 13/12/2020 | 12/12/2024 | ||
Ball | Dáithí Mac Cárthaigh | Ó Dheas | 27/11/2020 | 26/11/2024 | ||
Ball | Dr. Neasa Ní Chiaráin | Ó Dheas | 27/11/2020 | 26/11/2024 | ||
Ball | Ola Majekodunmi | Ó Dheas | 27/11/2020 | 26/11/2024 | ||
Ball | Freda Nic Giolla Chatháin | Ó Dheas | 5/05/2021 | 04/05/2025 | ||
Ball | Ian Doherty | Ó Thuaidh | 30/07/2021 | 29/07/2026 | ||
Ball | Mairéad Connolly | Ó Thuaidh | 13/12/2021 | 12/12/2026 | ||
Ball | Caoimhín Mac Giolla Mhéin | Ó Thuaidh | 16/12/2020 | 15/12/2025 | ||
Ball | Dominic Bradley | Ó Thuaidh | 16/12/2020 | 15/12/2025 | ||
Ball | Kevin O’Hara | Ó Thuaidh | 16/12/2020 | 15/12/2025 | ||
Ball | Liadh Ní Riada | Ó Thuaidh | 16/12/2020 | 15/12/2025 | ||
Ball | Folúntas | Ó Thuaidh | ||||
Ball | Folúntas | Ó Dheas | ||||
Ball | Folúntas | Ó Dheas |
Tá 3 fholúntas ar an mbord faoi láthair. (2 ó dheas agus 1 ó Thuaidh)
**Beidh an tUasal McGuinness ina Leas-Chathaoirleach ón 30 Iúil 2021 go dtí an 29 Eanáir 2024 agus fillfidh sé ar stádas Comhalta Boird ó 30 Eanáir 2024 go 29 Iúil 2026
Gníomhaireacht na hUltaise 8 gComhalta | Tréimhse | ||||
4 ainmniúchán ó Thuaisceart Éireann – Cathaoirleach san áireamh | |||||
4 ainmniúchán ó Dheas – Leas-Chathaoirleach san áireamh | |||||
Ó | Go dtí | ||||
Cathaoirleach | Folúntas | Ó Thuaidh | |||
Leas Chathaoirleach | Freddie Kettyle | Ó Dheas | 05/05/2021 | 04/05/2025 | |
Ball | Trevor Wilson | Ó Thuaidh | 13/12/2021 | 12/12/2026 | |
Ball | Allen McAdam | Ó Dheas | 05/05/2021 | 04/05/2025 | |
Ball | Karyn Devenney | Ó Dheas | 05/05/2021 | 04/05/2025 | |
Ball | Lavinia Tilson | Ó Dheas | 05/05/2021 | 04/05/2025 | |
Ball | Folúntas | Ó Thuaidh | |||
Ball | Folúntas | Ó Thuaidh |
Tá 3 fholúntas ar an mbord faoi láthair, 3 ó Thuaidh, an Cathaoirleach ina measc.
Foras na Gaeilge | |
63-66 Sráid Amiens, | Teach an Gheata Thiar, |
Baile Átha Cliath 1 | 2-4 Sráid na Banríona, |
Béal Feirste BT1 6ED | |
Fón: 01 6398400 | Fón: 028 (048) 9089 0970 |
eolas@forasnagaeilge.ie | eolas@forasnagaeilge.ie |
Tha Boord o Ulstèr-Scotch | |
Halla an Arbhair, | Sráid Liam, |
31 Sráid Gordon, | Ráth Bhoth, |
Béal Feirste, BT1 2LG | Co. Dhún na nGall |
Fón: (028) 9023 1113 | Fón: +353 7 4917 3876 |
info@ulsterscotsagency.org.uk | info@ulsterscotsagency.org.uk |
Rannóg an Fhoras Teanga
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Na Forbacha
Gaillimh
H91 KX39
Éire
Fón: +353 91 503700
Ríomhphost: foras.teanga@tcagsm.gov.ie