Éigeandálaí ar ainmníodh an Roinn ina Príomhroinn Rialtais ina leith
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tarlaíonn éigeandálaí agus géarchéimeanna gach uile lá agus déantar déileáil leosan trí mheán na seirbhísí éigeandála nó trí leas a bhaint as gnáthaimh bainistíochta géarchéime a bhíonn ar bun ag eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eile. Ó am go chéile, toisc go bhfuil an éigeandáil chomh mór, toisc go maireann sí tamall, nó toisc go bhfuil gá gnáthaimh agus acmhainní breise a chur sa tsiúl ar bhonn comhordaithe, bíonn gá freagra comhordaithe a chur ar fáil agus bíonn a lán eagraíochtaí i gceist leis sin.
Ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach tá pleananna móréigeandálaí ar bun ag An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na hÚdaráis Áitiúla, ar pleananna iad is féidir a chur sa tsiúl mar fhreagra ar éigeandálaí mórscála. Tugtar na Phríomhghníomhaireachtaí Freagartha ar na gníomhaireachtaí sin.
Ag an leibhéal náisiúnta is ar an “bPríomhroinn Freagartha Rialtais” a thiteann an fhreagracht comhordú a dhéanamh ar an bhfreagra uile-Rialtais. Sa bhainistíocht éigeandála tá dhá phríomhréimse gníomhaíochta ann; pleanáil le haghaidh gníomhaíochtaí cineálacha atá i gcoiteann i ngach éigeandáil agus pleanáil le haghaidh gnéithe sonracha a bhaineann le cineálacha ar leith éigeandálaí.
Sanntar freagracht ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta mar Phríomhroinn Rialtais san Iarscríbhinn leasaithe ‘A’ a ghabhann leis an Treoir maidir le Pleanáil Straitéiseach d’Éigeandálaí arna sholáthar ag an Oifig um Pleanáil d’Éigeandálaí as comhordú a dhéanamh ag an leibhéal náisiúnta i gcás éigeandálaí de na cineálacha seo a leanas:
Sannadh an fhreagracht ar an Stiúrthóireacht um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála as Ról Príomhroinn Rialtais RTPRA ó bunaíodh an stiúrthóireacht i mí an Mheithimh 2009.
Chun feidhm na Príomhroinne Freagartha Rialtais a chomhlíonadh is gá comhordú inmheánach a dhéanamh ar fud Rannán/Rannóg uile na Roinne agus tabhairt faoi chomhordú níos leithne le Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí eile. I gcás na dianaimsire a tharla i mí na Nollag 2015, bhí seacht n-eagraíocht/n-earnáil is fiche páirteach sa fhreagra náisiúnta.