Polasaí ar Nochtadh Éagóra san Ionad Oibre
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tiomanta do thimpeallacht chuí a chothú chun dul i ngleic le himní a bhaineann le héagóir thromchúiseach a d'fhéadfadh tarlú san ionad oibre agus don tacaíocht riachtanach a chur ar fáil do bhaill foirne, agus do dhaoine eile atá ag obair linn, a léiríonn imní maidir le cúrsaí den sórt sin.
Má tá tuairim réasúnach agat gur tharla éagóir thromchúiseach a bhaineann leis an ionad oibre, go bhfuil a leithéid ag tarlú faoi láthair nó go bhféadfadh a leithéid tarlú amach anseo, ní mór duit é seo a thuairisciú i dtosach báire do do bhainisteoir líne, agus bunús do thuairime a chur in iúl dó/di. Mura bhfuil do bhainisteoir líne ar fáil chun éisteacht le do nochtadh, nó má airíonn tú ar chúis ar bith eile nach féidir leat an t-ábhar a ardú le do bhainisteoir líne, ansin féadfaidh tú an fhaisnéis a nochtadh i scríbhinn d'oifigeach níos sinsearaí agus cóip a chur chuig an Rúnaí Cúnta - An Rannán Corparáideach.
Rialóidh an polasaí agus na nósanna imeachta atá leagtha amach sa cháipéis seo an bealach a ndéileálfar le nochtuithe.
An tAcht um Nochtadh Cosanta Tuarascáil Bhliaintiúil 2022
Polasaí agus Nósanna Imeachta i leith Nochtaí Cosanta
An tAcht um Nochtadh CosantaTuarascáil Bhliaintiúil 2021
Protected Disclosures Act Annual Report 2020
Protected Disclosures Act Annual Report 2019
Annual Report on Protected Disclosures 2018
Annual Report on Protected Disclosures 2017