Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagan an Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí 2024-2026 de chuid na Roinne ár ngealltanas amach don tseirbhís is éifeachtúla, is proifisiúnta agus is cúirtéisí a sholáthar dár gcustaiméirí ar fad.
Oibríonn muid leis an tseirbhís do chustaiméir a bhíonn á soláthar againn a fheabhsú i gcónaí. Déanann muid é seo trí na 12 Treoirphrionsabal do Chaighdeán na Seirbhíse do Chustaiméirí a chur i bhfeidhm don tseirbhís phoiblí, aleagtar amach inár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí. Déanann muid monatóireacht ar ár bhfeidhmiú faoin straitéis seo.
Lenár ngealltanais a bhaint amach, tá forbairt déanta againn ar ár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí agus árgCairt Chustaiméirí.
Ár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí agus ár gCairt Chustaiméirí:
Déanann an Chairt Chustaiméirí cur síos ar an leibhéal seirbhíse ar cheart dár gcuid custaiméirí a bheith ag súil leis ón Roinn Oideachais. Míníonn ár Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí an chaoi a bhfuil sé i gceist againn ár seirbhísí a sheachadadh.
Níl sé i gceist ag Straitéis Seirbhíse do Chustaiméirí ná ag Cairt Chustaiméirí na Roinne aon cheart nua dlí a chruthú dár gcuid custaiméirí.