Leabharlanna Poiblí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail; An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail; An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le breis is 17 milliún cuairt ar bhonn bliantúil, tá ról tábhachtach pobail ag na leabharlanna mar lárionaid eolais agus cultúir.
Is ionann an leabharlann phoiblí agus:
Cuirfidh an leabharlann phoiblí rochtain ar fáil ar bhailiúchán mór acmhainní ar líne atá saor in aisce, le breis is:
Faigh tuilleadh eolais ag Acmhainní agus Seirbhísí atá ar fáil i do Leabharlann Áitiúil
Áirítear i measc roinnt fíricí agus figiúirí:
Is féidir teacht ar fhaisnéis maidir le do leabharlann áitiúil ar láithreán gréasáin do chomhairle cathrach nó do chomhairle chontae áitiúil.
Is féidir mionsonraí teagmhála cothrom le dáta a fháil freisin maidir le do leabharlann áitiúil ar láithreán gréasáin na leabharlainne . Foilsítear nuacht agus faisnéis maidir le leabharlanna in Éirinn ar an láithreán gréasáin sin – lena n-áirítear Straitéis Leabharlanna Poiblí 2018-2022.
Sa bhliain 2016, bhí teacht ag baill leabharlainne ar 12 milliún leabhar ar fud na tíre mar chuid den chatalóg agus den chóras dáileacháin náisiúnta.
le tuilleadh faisnéise a fháil maidir le cad is féidir leat a dhéanamh agus a fháil i do leabharlann.
Tionscnamh nuálach teicneolaíochta agus tionscnamh atá dírithe ar sheirbhís do chustaiméirí is ea My Open Library a tugadh isteach ar bhonn píolótach i dtrí leabharlann in 2016 agus atá á leathadh amach chuig 23 leabharlann eile faoi láthair. Tá an tseirbhís á cur i bhfeidhm i ndeich leabharlann eile le roinnt míonna anuas.
Príomhchúram na seirbhíse is ea rochtain a chur ar fáil do chustaiméirí ar sheirbhísí leabharlainne ag na hamanna is fearr a oireann dóibh. Trí sin, tá solúbthacht agus áisiúlacht níos fearr i gceist trí níos mó uaireanta oscailte a bheith ar fáil lasmuigh de na gnáthuaireanta foirne. Tá My Open Library ar fáil ar bhonn féinfhreastail idir 8am agus 10pm, 365 lá den bhliain. Tríd an tseirbhís, cuirtear leis na gnáthuaireanta foirne agus cinntítear go gcuirtear an tseirbhís agus an tacaíocht is fearr ar fáil i ndáil le custaiméirí, rannpháirtíocht an phobail agus gníomhaíochtaí cláreagraithe a fhorbairt.
Trí úsáid nuálach a bhaint as ardteicneolaíocht rochtana tá éascaíocht déanta ar rochtain i gcás:
Trí My Open Library, tá tábhacht na leabharlainne neartaithe i bpobail áitiúla trí áit chruinnithe neamhthráchtála faoi dhíon a chur ar fáil atá ar oscailt agus ina gcuirtear fáilte roimh chách.
Tá sonraí maidir leis na leabhair agus na húdair is mó a fuarthas ar iasacht ó leabharlanna poiblí na hÉireann in 2019 foilsithe ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA), a thiomsaíonn an fhaisnéis mar chuid den Scéim Luach Saothair ó Iasachtaí leis an bPobal (PLR).
Ba iad na húdair Leabhar do Dhaoine Fásta ba mhó a raibh tóir orthu ná:
Aicme | Údar |
1 | Roderick Hunt |
2 | Roger Hargreaves |
3 | Daisy Meadows |
4 | Julia Donaldson |
5 | Francesca Simon |
Ba iad na cúig Theideal Ab Airde de na 20 teideal ba mhó a fuarthas ar iasacht ná:
Aicme | Teideal | Údar |
1 | Diary of a Wimpy Kid: Double Down | Jeff Kinney |
2 | My Mr. Men complete collection | Roger Hargreaves |
3 | Diary of a Wimpy Kid: Old School | Jeff Kinney |
4 | Wonder | R.J. Palacio |
5 | Diary of a Wimpy Kid: The Getaway | Jeff Kinney |
Ba iad na Cúig Leabhar do Dhaoine Fásta Ba Mhó a fuarthas ar iasacht ná:
Aicme | Teideal | Údar |
1 | Eleanor Oliphant is Completely Fine | Gail Honeyman |
2 | Skin Deep | Liz Nugent |
3 | The Country Girls Trilogy | Edna O'Brien |
4 | Normal People | Sally Rooney |
5 | A Keeper | Graham Norton |
Chun liosta iomlán de na torthaí a fháil cliceáil anseo.
Is ionann an Clár, an Ceart chun Léitheoireachta, agus clár náisiúnta atá dírithe ar fheabhas a chur ar chumas léitheoireachta ar fud na hÉireann. Tá sé seo ar aon dul agus déanann sé comhlánú ar chláir litearthachta atá ann cheana féin.
Tá sraith treoirlínte ag gabháil leis an gclár, a rinneadh a leathadh amach sa bhliain 2017, atá ar fáil chun cuidiú le gach aon údarás áitiúil, chomh maith le comhordaitheoir an Chirt chun Léitheoireachta a bheith ar fáil i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Tá forbairt á dhéanamh ar Phleananna Gníomhaíochta Litearthachta Áitiúla do gach ceantar údarás áitiúil chun tacaíocht a thabhairt do leanaí, do thuismitheoirí agus do dhaoine fásta ag a bhfuil leibhéil ísle litearthachta chun feabhas a chur ar a gcumas léitheoireachta. Beidh ról stiúrtha á ghlacadh ag an rialtas áitiúil ó thaobh an chláir maidir leis an gCeart chun Léitheoireachta a chur ar fáil.
Tabharfaidh siad eolas agus taithí foirne oilte i seirbhísí agus i ngníomhaireachtaí údaráis áitiúil le chéile. Beidh an cur chun feidhme áitiúil á stiúradh ag an leabharlannaí Cathrach nó Contae le tacaíocht ó Líonra an Chirt chun Léitheoireachta.
Ón mbliain 2016, tá an bailiúchán seirbhísí náisiúnta comhaontaithe a chuireann leabharlanna poiblí ar fáil do scoileanna i bhfeidhm. Déanfaidh an tseirbhís leabharlainne an bailiúchán seo a sheachadadh le tacaíocht ó Líonra an Ceart chun Léitheoireachta agus ón Roinn Oideachais agus Scileann, agus díreofar, go háirithe, ar scoileanna a chur ar an eolas maidir leis an tseirbhís.
Tá sé mar aidhm leis an gClár Éire Shláintiúil i do Leabharlann go mbeidh leabharlanna ‘ar an áit le cuairt a thabhairt orthu’ chun faisnéise shláinte a fháil sa phobal. Cuirfidh an tseirbhís seo atá saor in aisce faisnéis níos fearr ar fáil don phobal maidir le sláinte agus folláine.
Áireofar ar an mbailiúchán leabhar agus ar acmhainní ar líne an stoc atá dírithe ar réimsí tosaíochta ar nós:
Is ionann Forbairt Leabharlanna agus an ghníomhaireacht náisiúnta comhairleora agus forbartha do leabharlanna poiblí in Éirinn. Bunaíodh í sa bhliain 2012 laistigh den Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus leanann le feidhmeanna na Comhairle Leabharlanna. Cuireann siad comhairle ar fáil don roinn agus d’údaráis na leabharlanna maidir le forbairt leabharlainne poiblí agus maidir le comhoibriú leabharlainne.
Cuirtear treochlár ar fáil sa doiciméad Caighdeáin agus Tagarmharcanna do Leabharlanna Poiblí chun an tseirbhís leabharlainne a fhorbairt agus a chur ar fáil de réir beartas rialtas áitiúil agus náisiúnta agus de réir an dea-chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta i ndáil le seirbhís leabharlainne a chur ar fáil.
Tá sé mar aidhm leis an doiciméad leabharlanna poiblí a chur ar fáil atá éifeachtach, atá suite agus pleanáilte go maith, atá oscailte agus fáilteach do chách agus ina bhfuil spásanna cathartha ar fáil. Ta sé mar aidhm leis an doiciméad freisin timpeallacht fhisiceach an phobail a fheabhsú agus athghiniúint uirbeach agus pobail inbhuanaithe a chur chun cinn.
Bailíonn gach leabharlann poiblí ábhar maidir le stair an chontae nó an cheantair áitiúil. Tá raon ollmhór ábhair ar fáil, lena n-áirítear:
Is acmhainn shuntasach ar líne atá sa Ask About Ireland Website atá forbartha ag an gComhairle Leabharlanna agus maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD). Is féidir é a úsáid mar:
Tá sé mar fhreagracht reachtúil ar an údarás áitiúil, bainistíocht, coimeád, cúram agus caomhnú ceart taifid áitiúla agus cartlanna áitiúla a sholáthar. Cuidíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le húdaráis áitiúla le cartlannaí cáilithe a fhostú agus le cóiríocht a thógáil ar cíos chun críocha cartlanna a phróiseáil.
Rinne an roinn maoiniú agus comhordú freisin ar shuirbhé maidir le taifid agus le cartlanna a foilsíodh i dTuarascáil an Ghrúpa Stiúrtha ar Thaifid agus ar Chartlanna Údaráis Áitiúil.
Tugtar breac-chuntas sa tuarascáil freisin maidir le straitéis chun seirbhísí cartlanna áitiúla a fhorbairt. Tá seirbhísí cartlanna áitiúla bunaithe nó á bhforbairt ag formhór na nÚdarás Áitiúil cheana féin.