An Clár um Fheabhsú an Phobail
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tríd an gClár um Fheabhsú an Phobail (CEP) cuirtear maoiniú caipitil ar fáil do ghrúpaí pobail ar fud na hÉireann. Cuireann sé sin ar chumas na ngrúpaí sin áiseanna a fheabhsú i gceantair faoi mhíbhuntáiste.
Tá CEP 2020 á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus cuirfear €2 mhilliún de mhaoiniú deontais ar fáil chun na háiseanna atá ar fáil do phobail a fheabhsú. Tá an Clár dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí i gceantair faoi mhíbhuntáiste.
I measc na bhfeabhsuithe faoi CEP de ghnáth, áirítear:
Is iad na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDCnna) a riarann an CEP i ngach limistéar Údaráis Áitiúil.
Tá sonraí maidir le leithdháileadh CEP 2020 ar gach limistéar údaráis áitiúil leagtha amach sa tábla thíos.
Údarás Áitiúil | Méid |
Ceatharlach | €56,628 |
An Cabhán | €57,025 |
An Clár | €60,265 |
Cathair Chorcaí | €70,666 |
Contae Chorcaí | €72,536 |
Dún na nGall | €74,812 |
Cathair Bhaile Átha Cliath | €112,860 |
Dún Laoghaire | €62,318 |
Fine Gall | €68,375 |
Cathair na Gaillimhe | €55,368 |
Contae na Gaillimhe | €63,249 |
Ciarraí | €62,534 |
Cill Dara | €66,570 |
Cill Chainnigh | €58,150 |
Laois | €58,297 |
Liatroim | €53,040 |
Luimneach | €70,118 |
An Longfort | €55,317 |
Contae Lú | €64,790 |
Maigh Eo | €64,546 |
An Mhí | €62,883 |
Muineachán | €55,451 |
Uíbh Fhailí | €59,756 |
Ros Comáin | €55,977 |
Sligeach | €56,540 |
Baile Átha Cliath Theas | €81,967 |
Tiobraid Árann | €67,777 |
Port Láirge | €64,039 |
An Iarmhí | €58,331 |
Loch Garman | €68,047 |
Cill Mhantáin | €61,767 |
Cuireadh an Clár um Fheabhsú an Phobail (CEP) i bhfeidhm den chéad uair in 2018 agus cuireadh maoiniú caipitil ar fáil do ghrúpaí pobail ar fud na hÉireann. Chuir sé sin ar chumas na ngrúpaí sin feabhas a chur le háiseanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste.
Cuireadh an CEP i bhfeidhm i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar dhá chlár reatha. Tá tuarascáil maidir leis an athbhreithniú ar fáil anseo.
Cuireadh maoiniú €4.5 mhilliún ar fáil in 2019, agus €0.5 mhilliún breise imfhálaithe do Bhotháin na bhFear agus na mBan.
Tháinig an Clár um Fheabhsú an Phobail in ionad dhá chlár a bhí i bhfeidhm in 2017. Ba iad sin an clár ateilgthe RAPID agus Scéim na nÁiseanna Pobail (CFS).
• Ta liosta iomlán de na tionscadail ar tacaíodh leo faoi CFS in 2017 ar fáil anseo.
• Ta liosta iomlán de na tionscadail ar tacaíodh leo faoin maoiniú ateilgthe RAPID in 2017 ar fáil anseo.