Déantar obair in Oifig an Phríomhoifigigh Altranais (CNO), cuid den roinn, chun beartas altranais agus cnáimhseachais a mhúnlú maidir le riachtanais na seirbhíse sláinte.
Leis an Straitéis d’Oifig an Phríomhoifigigh Altranais (CNO) soláthraítear an treoir riachtanach don Oifig faoi conas tacú leis na gairmeacha altranais agus cnáimhseachais agus an méid a gcuireann siad leis an mbeartas sláinte a uasmhéadú. Níos tábhachtaí ná sin, is é príomhaidhm na Straitéise ná a chinntiú go bhfaighidh othair an cúram is fearr is féidir.
Tá sé mar aidhm ag na tionscnaimh thíos:
Tá na tionscnaimh seo comhtháite go huile is go hiomlán. Nuair a chuirtear i bhfeidhm iad, beidh an cumas acu seirbhísí altranais agus cnáimhseachais a sholáthar laistigh den phobal agus seirbhísí géarmhíochaine a athrú ó bhonn.
Tá an Tionscnamh Luachanna faoi stiúir an Phríomhoifigigh Altranais agus na Roinne Sláinte, i gcomhpháirtíocht le hOifig an Stiúrthóra Seirbhísí Altranais agus Cnáimhseachais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann.
Cuireadh próiseas comhairliúcháin náisiúnta i mbun inar iarradh ar altraí agus cnáimhseacha tacar croíluachanna atá mar bhonn agus mar thaca lena gcleachtas in Éirinn a shainaithint, a aontú agus tiomantas a thabhairt ina leith. Is éard is luachanna ann ná prionsabail atá daingnithe go smior lena dtreoraítear gníomhartha altraí agus cnáimhseacha.
Rinneadh trí chroíluach a shainaithint sa phróiseas comhairliúcháin seo:
Táirgeadh páipéar seasaimh sa phróiseas comhairliúcháin seo. Sa pháipéar seo, arna ullmhaíodh é i gcomhar leis an FSS agus Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, tá cur síos déanta ar na croíluachanna atá mar bhonn agus mar threoir don chleachtas altranais agus cnáimhseachais in Éirinn.
Tá na luachanna seo agus an t-iompar a ghabhann leo mar bhunús agus croí an chleachtais altranais agus chnáimhseachais. Tá siad mar bhonn leis an gcinnteoireacht ghairmiúil agus le gníomhartha gairmiúla. Nuair a chuirtear go léir le chéile, léirítear sna luachanna seo an méid a chuireann an t-altranas agus an cnáimhseachas le cúram sábháilte an othair ar bhonn ar leith.
Tá an FSS agus Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann tiomanta go dtacófar le haltraí agus le chnáimhseacha na luachanna seo a léiriú sa chleachtas. Tá na luachanna seo formheasta ag Oifig an Phríomhoifigigh Altranais agus tacaíonn an oifig sin leo.
Faigh amach níos mó faoi na bunluachanna.
Tá infheistíocht shuntasach á déanamh san altranas agus sa chnáimhseachas. Tá sé tábhachtach mar sin torthaí agus tionchair thionscnaimh altranais agus chnáimhseachais ar othair a thomhas.
Chun é seo a dhéanamh, tá creat forbartha ag an roinn le haghaidh táscairí feidhmíochta náisiúnta don altranas agus don chnáimhseachas. Deimhnítear leis sin go ndéantar a bhforbairt, a dtosaíocht, a bhformhuiniú agus a monatóireacht a chaighdeánú.
Faigh amach níos mó faoin gcreat.
Forbraíodh creat chun na riachtanais soláthair foirne agus meascáin scileanna don fhoireann altranais a chinneadh freisin. Fágann sé sin go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an mbéim atá curtha ar an líon agus cineál altraí a dteastaíonn chun obair ar gach barda a ríomh, ar bhealach ina gcuirtear tús áite do riachtanais an othair.
In áit líon na n-altraí a mheaitseáil le méid an bharda, leis an gcreat seo, déantar na haltraí a mheaitseáil leis an gcineál othar agus an líon othar atá sa bharda, chomh maith leis na riachtanais atá acu.
Tá an creat dírithe ar thimpeallacht oibre níos folláine agus níos tarraingtí a chruthú don fhoireann tríd an acmhainn altranais a chobhsú agus ualaí oibre níos cothroime a sholáthar, rud atá fíorthábhachtach chun an acmhainn ríthábhachtach seo a thabhairt isteach agus a choinneáil.
Bhí buntáistí suntasacha ag baint le Céim Phíolótach a hAon, a bhí ar siúl i sé bharda ospidéil.
I measc na buntáistí siúd, áirítear:
Tá an béim i gCéim a Dó den chreat leagtha ar an Rannóg Éigeandála agus ar na riachtanais shonracha atá inti maidir leis an bhfoireann altranais.
Tá sé léirithe i neart fianaise atá ann, agus atá ag fás de réir a chéile, go gcuireann ardchleachtóirí altranais agus cnáimhseacha go mór le bainistíocht fadhbanna fadtéarmacha. Is féidir leo rochtain na n-othar ar sheirbhísí a fheabhsú agus na hamanna feithimh a laghdú, agus an cúram sláinte ar ardchaighdeán a sholáthar ag an am céanna.
Mar chinnteoirí sinsearacha, déanann ardchleachtóirí altranais agus cnáimhseachais ardmheasúnú cuimsitheach sláinte corpartha agus meabhairshláinte ar othair a bhfuil riachtanais chasta cúram sláinte acu, lena n-áirítear iad siúd atá i ngéarchéim. Is féidir leo torthaí measúnuithe agus imscrúduithe éagsúla a léirmhíniú chun diagnóis a dhéanamh, nó chun an cúram a phleanáil agus a sholáthar.
Ina n-incháilíocht mar cheannairí foirne, is féidir leo cinntí agus idirghabhálacha eiticiúla agus fianaise-bhunaithe a dhéanamh ar bhealach lán-mhuiníne agus lán inniúla. Is féidir leo teiripí oiriúnacha a úsáid agus iad ag tabhairt aghaidh ar cásanna castachta, agus an riosca a bhaineann leis na cinntí seo a mheas agus a bhainistiú.
Tá sé mar aidhm ag an mbeartas 700 ardchleachtóir altranais a bheith ann faoi 2021, chun freastal ar na riachtanais seirbhíse agus chun cur leis an iarracht aghaidh a thabhairt ar na dúshláin soláthair seirbhíse atá ann faoi láthair.
Faigh amach níos mó faoin mBeartas ar Fhorbairt an Chleachtais Altranais agus Cnáimhseachais Iarchéime agus Ardleibhéil.
Is éard is cuspóir Dhúshlán Nightingale ná an chéad ghúin eile d’altraí agus cnáimhseacha a spreagadh agus a chumasú chun ról níos suntasaí a imirt ar an treocht agus an beartas sa réimse sláinte. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh sna haltraí agus cnáimhseacha óga feabhas a chur ar an gcúram sláinte agus ar an gcóras sláinte in Éirinn. Tugann Dúshlán Nightingale deis a bheith mar chuid de ghluaiseacht dhomhanda chun an chéad ghlúin eile altraí agus cnáimhseacha a threalmhú agus a chumhachtú le bheith ina gceannairí, ina gcleachtóirí agus ina n-abhcóidí chun an tsláinte dearfach a chur chun cinn. Beidh sé go huile is go hiomlán taobh thiar den altranas agus den chnáimhseachas ag am nuair a bheidh aird dhomhanda á tabhairt ar an dá ghairm sin i rith Bhliain an Altra agus an Chnáimhseach.
Ghlac an Dr Siobhan O’Halloran, an Príomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte agus an Dr Geraldine Shaw, Stiúrthóir, Oifig na Seirbhísí Altranais & Cnáimhseachais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le Dúshlán Nightingale, agus beidh an bheirt acu i gceannas ar an tionscnamh sin i gcomhpháirt.
Le Nursing Now, cuirfear tacaíocht, teagmhálacha agus an comhordú ar fáil, chomh maith le gníomhaíochtaí agus éachtaí a chur ar an eolas don phobal. Cuirfimid ardáin ar fáil d’eagraíochtaí agus d’altraí agus do chnáimhseacha níos óige chomh maith chun an taithí atá acu a roinnt idir a chéile agus chun foghlaim óna chéile laistigh dá dtír, dá réigiún agus ar an mbonn idirnáisiúnta freisin
Is iad an dá chlár atá ar fáil do Dhúshlán Nightingale na hÉireann 2020:
Éilítear ar na hiarratasóirí de réir na critéir incháilitheachta don dá chlár seo:
Dúnfaidh na hiarratais ag 17:00 an 24 Eanáir 2020 agus cuirfear na daoine a n-éiríonn leo ar an eolas faoin 14 Feabhra 2020.
Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh chun:
Le haghaidh Chlár A - Ray Healy, Oifigeach Tionscadail, Oifig an Phríomh-Altra sa Roinn Sláinte ag ray_healy@health.gov.ie
Le haghaidh Chlár B - Mare Kilduff, Stiúrthóir Eatramhach Ionad Náisiúnta Ceannaireachta Cliniciúla Altranais agus Cnáimhseachais ag marie.killduff@hse.ie
Le Dúshlán Nightingale, cuirfear an mheantóireacht agus an fhorbairt ghairme ar fáil, trí chláir, tríd an scáthfhoghlaim agus an meantóireacht le haltraí agus cnáimhseacha sinsearacha.
Beidh an roghnúchán bunaithe ar an ráiteas gairid intinne a dhéanfaidh iarratasóirí. Beidh gá ag gach uile iarratasóir tacaíocht óna bhfostóirí a fháil chun teagmháil ghníomhach a dhéanamh leis an gclár. Fógrófar iarratais tríd an Roinn Sláinte, FSS agus OMNSD trína suíomhanna Gréasáin, bealaí cúrsaíochta agus na meáin shóisialta a ghabhann leo. Beidh cúigear altraí sa chlár thar dhisciplíní éagsúla. Déanfaidh Leas-Phríomhoifigeach Altranais (DCNO) agus / nó oifigeach tionscadail meantóireacht ar gach altra agus cnáimhseach ar feadh na bliana seo den chlár Altra agus Cnáimhseachais 2020.
Is iad cuspóirí an chláir seo:
Cuimseofar leis an gClár:
An Mheantóireacht - Tabharfar meantóir do gach aon duine atá ag glacadh páirt ar an gclár a thacóidh leo lena dturas forbartha ceannaireachta mar dhuine aonair suas go dtí mí na Nollag 2020.
An Postscáthú - Ba cheart tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe scáthú a dhéanamh ar cheannaire sinsearach a bhfreastalóidh an saineolas gairmiúil ar leith atá aige ar riachtanais an rannpháirtí ar leith.
Torthaí foghlama le baint amach: forbairt gairme, scil ceannaireachta, léargas ar an gceapadh beartais agus ar an gcóras cúraim sláinte níos leithne.
Nuair atá na hiarratais istigh, beidh an roghnúchán bunaithe ar chomhlíonadh na critéir incháilitheachta agus ar an ráiteas gairid intinne a bheidh curtha isteach ag na hiarratasóirí.
Beidh gá ag gach uile iarratasóir tacaíocht óna bhfostóirí a fháil chun teagmháil ghníomhach a dhéanamh leis an gclár.
Tairgfear áiteanna do 5 altraí agus / nó cnáimhseacha.
Is féidir an fhoirm iarratais ar líne a fháil ag foirmeacha.gle/EtsphsUPnHKVfftB8.
Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil, líon isteach é, cur síniú an rannpháirtí agus an bainisteora líne leis, déan í a scanadh agus cuir ar ais í chuig 2020nurseandmidwifeyear@health.gov.ie faoin 24 Eanáir 2020.
Tá áthas ar Oifig Stiúrthóir na Seirbhísí Altranais agus Cnáimhseachais glacadh le Dúshlán Nightingale na hÉireann 2020 i gcomhar le hOifig an CNO, an Roinn Sláinte. Soláthraíonn an tIonad Náisiúnta Ceannaireachta Cliniciúla um Altranas agus Cnáimhseachas (NCLC) deiseanna forbartha ceannaireachta d’altraí agus cnáimhseacha ar gach uile ghrád thar ceann an ONMSD agus tá sé chun Clár Forbartha Ceannaireachta saincheaptha a sholáthar le haghaidh Dhúshlán Nightingale na hÉireann 2020
Beidh an clár saincheaptha chun freastal ar Dhúshlán Nightingale na hÉireann 2020 agus tá sé mar aidhm aige na scileanna a bheidh ag teastáil ó altraí agus cnáimhseacha a chomhlíonann na critéir incháilitheachta a imirt chun tionchair níos mó fiú a imirt ar an tsláinte dhomhanda.
Seachadfar an clár thar thréimhse 4 lá san iomlán, 2 lá i dtosach, agus 1 lá sa mhí ina dhiaidh sin don chéad 2 mhí eile. Tá an clár saincheaptha chun forbairt na ceannaireachta a bharrfheabhsú do na rannpháirtithe, trí chroí-ábhair ceannaireachta, seisiúin chomhdheartha, an scáthfhoghlaim agus an mheantóireacht a chur ar fáil.
Cnáimhseacha agus altraí ó na seirbhísí agus disciplíní uile a bheidh ann mar na rannpháirtithe ar an gclár. Beidh deis ag na rannpháirtithe an tuiscint atá acu ar an altranas agus an cnáimhseachas in Éirinn a fheabhsú ó thaobh straitéise agus oibriúcháin de.
Nuair atá na hiarratais istigh, beidh an roghnúchán bunaithe ar chomhlíonadh na critéir incháilitheachta agus ar an ráiteas gairid intinne a bheidh curtha isteach ag na hiarratasóirí.
Beidh gá ag gach uile iarratasóir tacaíocht óna bhfostóirí a fháil chun teagmháil ghníomhach a dhéanamh leis an gclár.
Tairgfear áiteanna do 15 altra agus cnáimhseach.
Tabhair faoi deara go nglacfaidh na rannpháirtithe seisiún comheagrúchán an lá 2 den chlár, chun deis a thabhairt don ghrúpa a riachtanais forbartha ceannaireachta a aithint.
An Mheantóireacht - Tabharfar an deis do gach aon rannpháirtí sa chlár dul i mbun meantóireachta d’fhonn tacú lena dturas forbartha ceannaireachta aonair suas go dtí mí na Nollag 2020.
An Postscáthú - Beidh tacaíocht tugtha do na rannpháirtithe scáthú a dhéanamh ar cheannaire sinsearach a bhfreastalóidh an saineolas gairmiúil ar leith atá aige ar riachtanais an rannpháirtí ar leith.
Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil, líon isteach é, cur síniú an rannpháirtí agus an bainisteora líne leis, déan í a scanadh agus cuir ar ais í chuig Niamh.mann2@hse.ie faoi 5pm an 24 Eanáir 2020.
Is samhail oibre solúbtha agus comhtháite é Barda Fíorúil Pobail (BFP) atá le fáil i suíomhanna pobail agus ospidéil, a sholáthraíonn seirbhísí cúraim d’othair ón dá chineál suímh. Tá an téarma BFP in úsáid de bhrí go bhfuil an cúram á sholáthar sa phobal i dteach an duine agus nach leapacha fisiciúla atá i gceist ach leapacha fíorúla. Feidhmíonn BFP ar bhealach mórán mar an gcéanna le barda sa mhéid is go soláthraíonn foireann altraí cúram le haghaidh na tréimhse fanachta.