Aithníonn polaiteoirí ar fud an AE go bhfuil oideachas riachtanach le haghaidh fás is rath leantach i sochaí eolais an lae inniu.
Is é ról an AE in oideachas agus in oiliúint ná cabhrú le feabhsú chaighdeáin na gcóras oideachais ar fud an AE:
Ag an am céanna, coinníonn Ballstáit an AE freagracht iomlán as ábhar a gcuraclam, as eagrú a gcóras oideachais agus oiliúna gairmiúla agus as a n-éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch.
Is é atá i gcomhar beartais Ballstáit an AE ag comhroinnt smaointe maithe chun tabhairt faoi chomhdhúshláin ar fud na n-earnálacha oideachais go léir – ó oideachas luath-óige go hoideachas aosach.
Tarlaíonn comhar beartais ag mórán leibhéal:
Oibríonn an Roinn Oideachais le páirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, Comhairle na hEorpa, an ECFE agus EOECNA, chun comhar beartais idirnáisiúnta in oideachas agus in oiliúint a fheabhsú.
Cuireann clár Erasmus+ an AE 2014-2020 maoiniú ar fáil do réimse tionscadal idirnáisiúnta oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear malartú mac léinn agus foirne, sgáthfhoghlaim, poist teagaisc agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir eagraíochtaí.
Maoiníonn Ciste Sóisialta na hEorpa 2014-2020 tionscadail oideachais agus oiliúna atá ceaptha chun cuidiú leis an dífhostaíocht a chosc agus a throid agus chun daoine a chosc ó shleamhnú amach as an margadh saothair.
Maoiníonn an An Ciste Eorpach um Choigeartú do Domhandú (EGF) tacaíochtaí breisoiliúna agus athoiliúna do dhaoine áirithe a chaill a gcuid post mar thoradh ar thionchair dhíobálacha an domhandathaithe
Bíonn teagmháil idir an Roinn agus comhpháirtithe idirnáisiúnta i bpolasaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, Comhairle na hEorpa, an ECFE agus EOECNA. Cinntíonn an Roinn go dtarraingítear aird ar leas na hÉireann ag leibhéal an AE ionas:
Mar ghnáthchleachtas, ar bhonn leanúnach:
Ina theannta sin, ní mór don Roinn tuairisciú don Oireachtas gach sé mhí ar fhorbairtí móra san oideachas ag leibhéal an AE.
Trí líonra Eurydice , tugtar dóibh sin atá freagrach as córais agus beartais oideachais san Eoraip anailísí agus faisnéis ar leibhéal Eorpach lena gcabhrófar leo agus breitheanna á dtabhairt acu.
Foilsítear tuairiscí ar chórais náisiúnta oideachais, tuarascálacha comparáideacha atá dírithe ar thopaicí, táscairí agus staitisticí sonracha, agus nuacht agus ailt a bhaineann le réimse an oideachais. Léigh tuilleadh
Is é is PISA ann ná an Clár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí atá faoi stiúir ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta. Tomhaistear ann an cumas atá ag daltaí atá 15 bliana d’aois chun a n-eolas agus a scileanna léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta a úsáid chun dúshláin fíorshaoil a shárú.
Déanann Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta (Trends in International Mathematics and Science Study nó TIMSS) measúnú ar scileanna Matamaitice agus Eolaíochta dhaltaí i rang a ceathair sa bhunscoil agus sa dara bliain ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Tugtar ar an tairseach An Eoraip Agatsa faisnéis phraiticiúil do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí faoi na cearta agus na deiseanna atá ar fáil dóibh san Aontas Eorpach. Dírítear ar chora trasteorann fíorshaoil ar an tairseach, e.g. saoránaigh Eorpacha atá ag iarraidh obair nó staidéar a dhéanamh i dtír eile den Aontas nó gnólachtaí Eorpacha atá ag iarraidh bogadh chuig tír eile den Aontas nó brainse nua a oscailt inti.