Tá sé de fhreagracht ar údaráis bhainistíochta na scoileanna uile beartas rollaithe a chur chun feidhme de réir na nAchtanna Oideachais, 1998–2018 agus de réir bheartas agus chiorclán rannach ábhartha.
Is é príomhfhreagracht na Roinne seo a chinntiú gur féidir le scoileanna i gceantar eatarthu freastal ar gach dalta atá ag lorg áit scoile sa cheantar. Is féidir le tuismitheoirí an scoil a ndéanfaidh siad iarratas chuici a roghnú agus má tá áiteanna ar fáil sa scoil sin ba chóir di an dalta a ligean isteach. Mar sin féin, i scoileanna ag a bhfuil níos mó iarratasóirí ná áiteanna ar fáil d’fhéadfadh go mbeadh gá le próiseas roghnúcháin.
Caithfidh an próiseas roghnúcháin a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus caithfear é a chur i bhfeidhm go cóir i leith gach iarratasóra. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh mar thoradh air seo nach bhfaigheadh roinnt daltaí áit sa scoil dá gcéad rogha.
Faoi fhorálacha an Achta um Oideachas (Ligean isteach i Scoileanna) 2018, ceanglaítear ar gach scoil beartais iontrála a dhréachtú de réir forálacha an achta. Tá na beartais seo ceadaithe ag an bpátrún tar éis dul i gcomhairle le baill foirne agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil. Foilsítear beartas iontrála na scoile ar shuíomh Gréasáin na scoile. Is príomhriachtanas den acht é go bhfuil gach beartas iontrála scoile cothrom agus trédhearcach.
Ní mór do gach scoil fógra iontrála a fhoilsiú ina mínítear tréimhsí an phróisis iontrála ar bhonn bliantúil. Caithfear é seo a fhoilsiú seachtain ar a laghad sula dtarlaíonn an próiseas iontrála. Ba cheart an fhoirm iarratais iontrála a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na scoile freisin. Ní féidir le scoileanna an próiseas iontrála a thosú go dtí an 1 Deireadh Fómhair ar a luaithe sa bhliain roimh an scoilbhliain a ndéantar iarratas air. Ní mór do scoileanna a shonrú cathain a dhéanfaidh siad cinneadh ar iarratas agus caithfear é seo a chur in iúl i scríbhinn laistigh den tréimhse shonraithe mar atá leagtha amach ar a bhFógra Iontrála. Tá lánrogha ag scoileanna maidir le huainiú a bpróiseas iontrála.
De bharr an Achta tá níos mó muiníne ag tuismitheoirí go bhfuil na critéir iontrála atá leagtha síos ag scoileanna agus na nósanna imeachta a úsáideann siad infheicthe, dlisteanach, réasúnta agus cothrom.
Ó Dheireadh Fómhair 2018, leasaíodh an tAcht um Stádas Comhionann 2000 chun fáil réidh leis an bhforáil, i gcás bunscoileanna sainchreidmheacha aitheanta, atá ann cheana in alt 7(3)(c) den Acht sin agus a cheadaíonn do scoileanna den sórt sin reiligiún a úsáid mar chritéar roghnúcháin i dtaobh iontrálacha scoile. Faoin bhforáil seo, tá cosaint ann lena chinntiú gur féidir le leanbh de chreideamh mionlaigh rochtain a fháil ar scoil dá chreideamh i gcónaí. Foráiltear leis an bhforáil nach ndéanann bunscoil shainchreidmheach idirdhealú nuair a thugann sí tosaíocht do scoláire ó reiligiún mionlaigh atá ag lorg iontrála chuig scoil a chuireann teagasc reiligiúnach nó oideachas reiligiúnach ar fáil atá den éiteas reiligiúnach céanna nó d'éiteas reiligiúnach cosúil le héiteas an scoláire atá ag lorg iontrála. Cinntíonn sé seo níos mó cothroime maidir le hiontrálacha scoile. Cé go n-aithnítear ceart gach scoile a n-éiteas sainiúil a bheith aici, is é atá i gceist le deireadh a chur le reiligiún mar chritéir le haghaidh iontrála chuig scoil ná cothroime do gach tuismitheoir lena n-áirítear teaghlaigh neamh-reiligiúnacha. Chífidh siad go gcaithfear sa tslí céanna leo i mbeagnach gach scoil a mhaoinítear go poiblí agus a chaitear le gach teaghlach eile maidir le hiontrálacha scoile.
Tá roinnt alt eile san acht, lena n-áirítear forálacha ar cuireadh tús leo:
Féadfaidh tuismitheoir an scoláire, nó i gcás scoláire a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige, iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ligean isteach a dhiúltú. Caithfear iarratais den sórt sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.
Tá an tréimhse faoina gcaithfear athbhreithniú den sórt sin a iarraidh agus na ceanglais eile is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh Gréasáin na Roinne Oideachais.
Déanfaidh an bord athbhreithnithe den sórt sin de réir cheanglais na nósanna imeachta arna gcinneadh faoi alt 29B agus le halt 29C den Acht Oideachais 1998.
Nóta:
Sa chás gur diúltaíodh iontráil d’iarratasóir toisc go raibh an scoil ró-shuibscríofa, ní mór don iarratasóir athbhreithniú ar an gcinneadh sin a iarraidh ón mbord bainistíochta sula ndéanfaidh sé achomharc faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
I gcás gur diúltaíodh iontráil d’iarratasóir mar gheall ar chúis seachas an scoil a bheith ró-shuibscríofa, féadfaidh an t-iarratasóir athbhreithniú ar an gcinneadh sin a lorg ón mbord bainistíochta sula ndéanfaidh sé achomharc faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.
Is í Seirbhís Tacaíochta Oideachais TUSLA (TESS) an ghníomhaireacht reachtúil atá in ann cabhrú le tuismitheoirí a bhfuil deacrachtaí acu áit scoile a fháil dá leanbh. Is féidir teagmháil a dhéanamh le TESS ag 01-7718500.
Tuilleadh Eolais dá bhforáiltear san acht:
De réir alt 64(2) (a) agus (b) den Acht foilsíodh liosta d'iar-bhunscoileanna a ghearrann táille agus liosta de scoileanna cónaithe ar shuíomh Gréasáin na Roinne agus tá teacht uirthi ag na naisc seo a leanas faoi seach:
De réir alt 62(7)(e)(i) den Acht tá liosta de ranganna Luath-Idirghabhála agus Aonaid Réamhscoile Tús Luath curtha san áireamh thíos: