Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Freagraíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus don phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018-2022 chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a athbheochan agus a neartú.
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chur chun cinn trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga na Gaeltachta.
Tá an polasaí mar fhreagairt straitéiseach chun dul i ngleic leis na dúshláin sochtheangeolaíochta atá roimh limistéir phleanála teanga na Gaeltachta. Aithnítear sa pholasaí uathúlacht na Gaeltachta mar cheantar a bhfuil tábhacht shuntasach theangeolaíoch, chultúrtha agus eacnamaíoch ag baint leis. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí úsáid na Gaeilge i bpobail scoileanna Gaeltachta a athbheochan, a chur chun cinn agus a leathnú.
Tá an polasaí leagtha amach faoi seacht gcolún, mar seo a leanas:
1. Struchtúr an tsoláthair oideachais a láidriú
2. Feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí Ghaeilge
3. Cumas ceannairí scoile agus bainistíocht scoile a fhorbairt
4. Feabhas a chur ar an gcuraclam don Ghaeilge
5. Feabhas a chur ar acmhainní agus tacaí teanga
6. Soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú
7. Feasacht a fhorbairt ar bhuntáistí an oideachais trí mheán na Gaeilge, cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí, agus tacú leo i gcur chun cinn na teanga.
Tá an polasaí deartha chun soláthar oideachais ar ardcháilíocht trí mheán na Gaeilge a neartú agus a dheimhniú i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta trí raon gníomhartha agus tacaíochtaí spriocdhírithe. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí tógáil ar na buanna teanga atá sa Ghaeltacht tríd na próisis áitiúla pleanála teanga.
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta i mí Márta 2017 chun tacú le cur i bhfeidhm céimnithe an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 léigh tuilleadh
Tá cuireadh tugtha do gach scoil i limistéir phleanála teanga Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i Scéim le haitheantas a ghnóthú mar scoil Ghaeltachta. Déanfaidh scoileanna a thugann faoi bheith ina scoileanna Gaeltachta, trína bpróisis fhéinmheastóireachta scoile (FMS), plean gníomhaíochta scoile-uile don fheabhsúchán a fhorbairt a léireoidh go soiléir an tslí ina gcomhlíonfaidh an scoil na riachtanais don phróiseas aitheantais ar bhealach céimnithe agus an tslí ina ndéanfar naisc a bhunú le pobal áitiúil na scoile chun úsáid na Gaeilge a chothú.
Tá scoileanna, a bhfuil faomhadh faighte ag a bpleananna gníomhaíochta, incháilithe chun acmhainní breise a rochtain, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) thiomnaithe, chun tacú leo oibriú i dtreo aitheantas scoileanna Gaeltachta a fháil.
Mar chuid den phróiseas deimhnithe chun aitheantas a ghnóthú mar scoil Ghaeltachta, tabharfar cuairt measúnaithe ar gach scoil sa Scéim idir Deireadh Fómhair 2022 agus Cáisc 2024.
Foilsíodh nóta treorach i mí an Mheithimh 2021 le sonraí faoi na céimeanna a bheidh i gceist leis an bpróiseas agus treoir maidir le conas is féidir leis na scoileanna ullmhú dó.
Tá na sonraí don chéad chéim feidhme eile do bhunscoileanna agus scoileanna speisialta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar fáil in Imlitir 0020/2024 agus d’iar-bhunscoileanna ar fáil in Imlitir 0021/2024.
Tá na sonraí do na bunscoileanna sa Ghaeltacht atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta amach anseo fáil in Imlitir 0022/2024.