Tá beartas an Rialtais maidir le húsáid drugaí agus alcóil leagtha amach sa straitéis náisiúnta drugaí, An Dochar a Laghdú, Tacaíocht leis an Aisghabháil 2017 - 2025. Is éard is bonn na straitéise ná Creat Éire Sláintiúil.
Tá sé mar aidhm ag an straitéis stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn sa tsochaí agus daoine a spreagadh chun roghanna níos sláintiúla a dhéanamh maidir leis an úsáid drugaí agus alcóil.
Tá cúig sprioc straitéiseacha aitheanta faoin straitéis:
Tá Plean Gníomhaíochta 50 pointe sa straitéis ó 2017 go 2020. Tá foráil déanta ann don raon feidhme atá de dhíth chun tuilleadh gníomhaíochtaí a fhorbairt idir 2021 agus 2025.
Tagann Coiste Náisiúnta Maoirseachta, atá faoi chathaoirleacht an Aire le freagracht as an straitéis náisiúnta frithdhrugaí, le chéile uair sa ráithe chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise.
Is é Buan-fhochoiste an Choiste Náisiúnta Maoirseachta a spreagann cur i bhfeidhm na straitéise agus a dhéanann an comhordú idir na leibhéil náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn.
Tá ról lárnach ag tascfhórsaí áitiúla agus réigiúnacha drugaí agus alcóil maidir le méid agus cineál na faidhbe ina gceantair féin faoi seach a mheas agus bearta a chomhordú ar an leibhéal áitiúil.
Léigh tuilleadh faoi seribhísí andúile.
Cuireann tascfhórsaí áitiúla agus réigiúnacha drugaí agus alcóil an straitéis náisiúnta frithdhrugaí i bhfeidhm i gcomhthéacs na riachtanais atá sa cheantar áitiúil.
Cuirtear an straitéis i bhfeidhm trí phleananna gníomhaíochta lena ndéantar bearnaí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a shainaithint maidir leis:
Cuimsíonn tascfhórsaí drugaí agus alcóil ionadaithe ó raon gníomhaireachtaí ábhartha, mar FSS, na Gardaí, boird oideachais agus oiliúna, agus údaráis áitiúla, chomh maith le hionadaithe poiblí tofa agus ionadaithe ón earnáil dheonach agus phobail.
Cruthaíodh na treoirlínte seo a leanas chun tacú le hatosú sábháilte seirbhísí drugaí agus alcóil do dhaoine leochaileacha agus i mbaol ar fud na hÉireann. D’fhéadfadh go mbeadh drochshláinte fhisiciúil agus córais imdhíonachta lagaithe ag daoine a bhfuil andúil i ndrugaí agus in alcóil acu - rud a fhágann go bhfuil siad go mór i mbaol COVID-19.
Soláthraíonn na treoirlínte seo leideanna praiticiúla maidir le conas grúpaí tacaíochta agus téarnaimh, tionscadail phobail agus cláir chóireála a oibriú ar bhealach sábháilte - go háirithe le linn Leibhéal 5 an rialtais An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19.