Íomha: Check before you dig GA

Is taifead luachmhar iad séadchomharthaí seandálaíochta ar chultúir agus ar shochaithe níos luaithe agus is cúis mhór bróid iad do phobail ar fud na hÉireann.

Cé gur féidir roinnt séadchomharthaí seandálaíochta a aithint go soiléir os cionn na talún, tá infheictheacht íseal ag cuid eile nó maireann siad mar iarsmaí faoin dromchla. Tá sé tábhachtach Seiceáil Sula dTochlaíonn Tú chun damáiste nó cur isteach a sheachaint ar na láithreáin seo le linn aon oibreacha talún (lena n-áirítear glanadh talún nó míntíriú). Bain úsáid as ár léarscáil ar líne chun do thalamh a sheiceáil le haghaidh séadchomharthaí .

Cosaintí Dlíthiúla do Shéadchomharthaí Seandálaíochta

Cosnaítear séadchomharthaí seandálaíochta ar roinnt bealaí faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014. Foghlaim tuilleadh faoin reachtaíocht a thugann cosaint dhlíthiúil do na séadchomharthaí seo .

Toiliú an Aire/Fógra Oibre

Má tá séadchomhartha seandálaíochta ar thailte ina bhfuil oibreacha talún beartaithe, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón Aire nó fógra i scríbhinn chuig an Aire a bheith ag teastáil. Féach ar nó íoslódáil na foirmeacha toilithe agus fógra seo .

Má tá aon amhras ort faoi shéadchomhartha ar do thalamh nó faoin leibhéal cosanta a bhaineann leis an séadchomhartha, déan teagmháil le do thoil le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta: nationalmonuments@housing.gov.ie