Íomha: ioncam bunúsach do na healaíona

Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

Clár taighde píolótach atá sa Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a bheidh mar bhonn eolais do bheartas an Rialtais amach anseo maidir leis an mbealach is fearr chun tacú le healaíontóirí agus le hoibrithe ealaíon cruthaitheach na hÉireann.

Tá taifeadadh ar fáil anseo den díospóireacht phainéil ar an Bhun Ioncaim do na hEalaíona leis an Aire Catherine Martin a tionóladh ar an gCéadaoin an 6ú lá de mhí na Nollag.


Bhí an Scéim oscailte d’iarratais ón 12 Aibreán go dtí an 12 Bealtaine 2022.

Le haghaidh eolais faoin Scéim, léigh na treoirlínte d’iarratasóirí agus, má tá ceisteanna faoi leith agat, seol iad chuig basicincomeforthearts@tcagsm.gov.ie

Tá freagraí ar roinnt cheisteanna coitianta ar fáil anseo: Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona: Freagraí ar Cheisteanna Coitianta

Cúlra na Scéime Píolótaí um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

Chuir an tAire Martin de chúram ar an Tascfhórsa Ealaíon agus Cultúir, a bunaíodh i Meán Fómhair 2020, tuarascáil a sholáthar a chuimseodh sraith moltaí maidir leis an mbealach is fearr a d’fhéadfadh earnáil na n-ealaíon agus an chultúir oiriúnú agus téarnamh ó phaindéim COVID-19.

Bhí sé mar phríomh-mholadh ag an tascfhórsa scéim phíolótach um bhunioncam a bhunú ar feadh tréimhse trí bliana sna hearnálacha ealaíon, cultúir, closamhairc agus léirithe agus imeachtaí beo. Tuarascáil ar Shaol is Fiú a Chaitheamh.

Mar chuid den Phlean Téarnaimh Eacnamaíochta Náisiúnta a seoladh ar an 1 Meitheamh 2021, fuair an tAire Martin gealltanas ón Rialtas do scéim phíolótach um bhunioncam d’ealaíontóirí.

Leithdháil an tAire €25m mar chuid de Bhuiséad 2022 do sheoladh na scéime píolótaí.

Ag Tógáil na Scéime

Le linn 2021, ghlac an Roinn páirt i bpróiseas forbartha beartais a chuimsigh plé leis an nGrúpa Maoirseachta um Shaol is Fiú a Chaitheamh, dul i dteagmháil le geallsealbhóirí earnála, grúpa oibre idir-rannach a thionól chun dúshláin a mheas, agus athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtas. Bhain an Roinn úsáid as an obair seo chun treoir a thabhairt dá moladh maidir le bunioncam píolótach do na healaíona. Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Ghrúpa Maoirseachta um Shaol is Fiú a Chaitheamh

Bhí rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara lárnach don phróiseas forbartha beartais agus chuimsigh sé seo fóram na bpáirtithe leasmhara ar an 15 Nollaig 2021, áit ar tháinig breis agus 150 rannpháirtí ó 50 comhlacht ionadaíoch agus acmhainne ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon le chéile chun an togra a phlé. Plépháipéar ar Rannpháirtíocht le Páirtithe Leasmhara (nasc uaslódála)

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí i rith mhí Eanáir 2022. Ba é cuspóir an chomhairliúcháin a chinntiú go mbeadh deis ag an bpobal i gcoitinne, ealaíontóirí, agus iad siúd atá ag obair in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir cur le forbairt beartais don scéim phíolótach. Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar Líne (nasc uaslódála)