Íomha: Large Scale Sport Infrastructure Fund (LSSIF) banner image

An Ciste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála (LSSIF)

Cúlra an Chiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála

Foilsíodh an Polasaí Náisiúnta Spóirt ar 25 Iúil 2018 agus rinneadh soláthar ann don Chiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála (LSSIF). Tá sé mar aidhm ag an gciste tacaíocht ón Státchiste a chur ar fáil do thionscadail mhóra áiseanna spóirt. Tionscadail iad seo ina mbeadh an infheistíocht ón Státchiste níos airde ná an tsuim ba mhó a d’fhéadfaí a tharraing anuas faoin gClár Caipiteal Spóirt (SCP). I gcásanna áirithe d’fhéadfadh gur tionscadail iad a mbeadh sé mar phríomhchuspóir acu an rannpháirtíocht ghníomhaíoch i gcúrsaí spóirt a chur chun cinn. I gcásanna eile d’fhéadfadh gur ionaid/staidiamaí móra a bheadh i gceist, agus an bhéim go háirithe ar an rannpháirtíocht shóisialta agus ar an spórt ardfheidhmíochta. I dtús báire beidh an scéim dírithe go príomha ar na Boird Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus ar Údaráis Áitiúla. Cuirfear tionscadail nua linnte snámha san áireamh freisin. Déanfar an anailís eacnamaíoch chuí ar gach togra tionscadail.

Tá leithdháileadh caipitil €100m ar a laghad curtha ar fáil ag an Rialtas don Chiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála don tréimhse 2018 go dtí 2027.

Cé go bhfuil an clár seo dírithe go príomha ar na Boird Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus ar na hÚdaráis Áitiúla d’fhéadfadh comhlachtaí, maoinitheoirí daonchairdiúla, clubanna agus eagraíochtaí deonacha cur isteach ar an gclár freisin ach chaithfeadh Údarás Áitiúil agus/nó NGB an t-iarratas a dhéanamh agus tosaíocht a thabhairt dó.

Is gá do gach deontas a thugtar le haghaidh tionscadal caipitil faoin scéim seo cloí le Ciorclán 13/2014 (Bainistíocht agus Freagracht i leith deontais ón Státchiste), An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a bhfuil fáil air anseo.

In achoimre na scéime tugtar nasc chuig míreanna áirithe de threoirlínte an Rialtais i leith soláthar. Tá clár iomlán de na treoirnótaí ar fáil anseo.

Chomh maith leis sin tá treoir maidir leis na Riachtanais i leith Fógraíocht a bhaineann le Faighteoirí Deontais le fáil anseo.