Is straitéis uile-rialtais é Na Chéad 5, chun an saol a fheabhsú do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh. Plean ar feadh deich mbliana atá ann chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil luathéispéiris dhearfacha ag leanaí agus go bhfaigheann siad tús iontach sa saol.
Baineann Na Chéad 5 úsáid as fianaise chun na haidhmeanna, na cuspóirí agus na gníomhartha i leith atá ag teastáil ar bhonn tras-Rialtais a chinneadh, chun tacú le leanaí (agus a dteaghlaigh) sna luathbhlianta dá saolta. In Na Chéad 5 tá tiomantas ann do réimse leathan gníomhaíochta, lena n-áirítear tionscadail mhóra maidir le saoire theaghlaigh, seirbhísí sláinte do leanaí, tacaíocht do thuismitheoireacht, do phobail agus do Sheirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige atá oiriúnach do leanaí. Cuirfidh an Straitéis feabhas mór ar an luathóige agus tabharfaidh sí cabhair an-mhór do shaol leanaí óga, don tsochaí agus don gheilleagar sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Léireofar luach ar luathbhlianta gach naíonáin agus linbh óig mar thréimhse ríthábhachtach agus ar leith ar cheart taitneamh a bhaint aisti. Cabhrófar le teaghlaigh agus cuirfear ar a gcumas naíonáin agus leanaí óga a chothú agus tacú lena bhforbairt, agus cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil dóibh siúd óna dteastaíonn sé. Beidh ar chumas iad siúd a sholáthraíonn seirbhísí do naíonáin, leanaí óga agus a dteaghlaigh cur lena bhfoghlaim, forbairt, sláinte agus folláine. Cabhróidh comhthéacsanna pobail le naíonáin agus leanaí óga chun an tairbhe is mó a bhaint dá luathbhlianta agus a lánchumas a bhaint amach.
1. Teacht ar réimse níos fairsinge de roghanna do thuismitheoirí chun cothromaíocht a bhaint amach idir oibriú agus cúram a thabhairt
Chun tacú le leanaí níos mó ama a chaitheamh lena dtuismitheoirí, go háirithe sa chéad bhliain, leagtar amach in Na Chéad 5 pleananna chun scéim nua saoire thuismitheoireachta a fhorbairt. Déanfaidh seo teidlíochtaí a sholáthar do shaoire íoctha d’aithreacha agus máithreacha araon. Gabhfaidh réimse beart leis an scéim seo chun socruithe oibre solúbtha níos fearr a thacaíonn le teaghlaigh a fhorbairt.
2. Samhail nua de thacaíocht tuistithe
Déanfaidh Na Chéad 5 na tacaíochtaí reatha tuistithe a chuíchóiriú agus a fheabhsú i measc réimse ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Cuirfear faisnéis agus treoir inrochtana ardchaighdeáin ar fáil do thuismitheoirí chun iompar sláintiúil a chur chun cinn, luathfhoghlaim dhearfach shúgradhbhunaithe a éascú agus na coinníollacha a chruthú chun ceangail láidre idir tuismitheoirí agus leanaí a chruthú agus a chothú. Ina theannta sin, cuirfear cantanam seirbhísí tuistithe ar fáil - idir seirbhísí uilíocha agus spriocdhírithe - cláir thuistithe ardchaighdeáin ina measc. Bunóidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige Aonad Tuistithe nua chun an obair thábhachtach seo a stiúradh.
3. Forbairtí nua ar shláinte leanaí
Príomhghníomhaíocht a bheidh i lucht saothair tiomnaithe sláinte leanaí a fhorbairt, a bheidh dírithe i dtosach ar cheantair ina bhfuil ard-dlús daonra agus míbhuntáiste. Leagtar amach sa Straitéis bearta nua chun iompar dearfach sláinte agus meabhairshláinte naíonán, leanaí óga agus a dteaghlach a chur chun cinn. Ina theannta sin, sainaithnítear bearta chun barr breise feabhais a chur ar an gClár Náisiúnta um Óige Shláintiúil. Déantar an Oifig um Éire Shláintiúil sa Roinn Sláinte baint amach na mbeart seo a stiúradh i gcomhar le príomhranna agus príomhghníomhaireachtaí eile rialtais.
4. Athchóiriú an chórais Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (ELC)
Cuireann Na Chéad 5 leis na forbairtí an-suntasacha a rinneadh ar Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (agus cúram leanaí ar aois scoile) le blianta beaga anuas agus féachann sé le feabhas breise a chur ar inacmhainneacht, inrochtaineacht agus cáilíocht. I measc na mbeart, tá: an Scéim Cúraim Leanaí Inacmhainne a thabhairt isteach, druidim de réir a chéile i dtreo lucht saothair ELC gairmiúil atá faoi stiúir céimithe, rialacháin agus tacaíochtaí a shíneadh chun gach feighlí leanaí agus seirbhís cúraim leanaí ar aois scoile a chuimsiú, agus samhail nua chistithe a thabhairt isteach don ELC. Faoin tsamhail seo, tacófar le fostóirí chun coinníollacha oibre níos fabhraí a sholáthar a dhéanfaidh an fhoireann a mhealladh agus a choimeád. Buntacóidh struchtúr treisithe rialachais ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil leis na hathchóirithe seo.
5. Pacáiste beart dhun dul i ngleic le bochtaineacht luathóige
Sainaithnítear in Na Chéad 5 bearta nua a rachaidh i ngleic le bochtaineacht sa luathóige. Ina measc seo, beidh teacht níos fairsinge ar Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige saor in aisce agus fóirdheonaithe, síneadh a chur leis na Scéimeanna Teasa agus Folláine agus Tithe Níos Teo, Cláir Chócaireachta Pobail agus clár béilí a thabhairt isteach chuig roinnt suíomhanna ELC. Anuas air sin, cruthófar deiseanna breise chun an bhearna a laghdú idir na leanaí is mó a bhfuil buntáiste acu agus is mó atá faoi mhíbhuntáiste trí shamhail de chineál DEIS a thabhairt isteach do shuíomhanna ELC.
Cuireann an Mol Réamhscoile sa Bhaile réimse gníomhaíochtaí ar fáil chun tacú le leanaí agus chun a gcuid caithimh aimsire a spreagadh. Is í aidhm an Mhoil na leanaí a choinneáil ag súgradh agus ag foghlaim sa bhaile.
Tá na gníomhaíochtaí seo gnách sa naíonra agus cuireadh iad in oiriúint do pháistí le déanamh sa bhaile, ag am a oireann dóibh agus don teaghlach.
Ná déan dearmad, bíonn leanaí ag foghlaim agus iad ag súgradh. Bíonn leanaí ag foghlaim freisin nuair a bhíonn siad páirteach i ngníomhaíochtaí laethúla an teaghlaigh.