Clárú-Uathoibríoch

Cad atá i gceist le clárú uathoibríoch

Is córas coigiltis scoir nua é Clárú Uathoibríoch d’fhostaithe a thabharfar isteach in Eanáir 2025.

Níl scéim phinsin ag a lán fostaithe, agus ciallaíonn sé sin go mbeidh siad ag brath ar phinsean an stáit nuair a théann siad ar scor. Fad is a chinntíonn an pinsean stáit go bhfanann daoine a théann ar scoil os cionn thairseach na bochtaineachta, tá taithí ag an gcuid is mó de dhaoine ar níos mó airgid a bheith acu.

I gcás daoine nach bhfuil scéim phinsin acu a shaothraíonn níos mó ná €20,000 sa bhliain agus atá idir 23 agus 60 bliain d'aois, clárófar go huathoibríoch ar an gcóras nua iad. Ciallaíonn sé sin go mbeidh airgead sa bhreis acu nuair a théann siad ar scor agus ní bheidh orthu brath ar phinsean an stáit amháin.

Buntáiste sa bhreis atá ann d'fhostaithe go gcuirfidh a f(h)ostóir agus an Stát leis freisin – le haghaidh gach €3 a chuireann an fostaí isteach, cuirfidh an fostóir €3 isteach freisin agus cuirfidh an Stát €1 sa bhreis leis. Ciallaíonn sé sin go gcuirfear €7 i gcuntas an fhostaí le haghaidh gach €3 a shábhálann sé/sí.

Is é an buntáiste d'fhostóirí ná go mbeidh siad in ann aire a thabhairt dá bhfostaithe gan ualach riaracháin a bheith orthu agus gan an costas scéim phinsin a chur ar bun iad féin.

Beidh daoine a shaothraíonn níos lú ná €20,000 sa bhliain agus atá laistigh den aoisghrúpa 23-60 in ann roghnú a bheith páirteach sa scéim, fad is nach bhfuil siad i scéim phinsin cheana féin.

Tabharfar na ranníocaíochtaí isteach de réir a chéile ionas go mbeidh gach duine in ann dul i dtaithí ar an gcóras nua gan athrú géar san ioncam.

Beidh fostaithe in ann an córas a fhágáil nó a ranníocaíocht a stopadh i gcúinsí áirithe, ach clárófar go huathoibríoch arís iad tar éis dhá bhliain má tá siad fós incháilithe.

Cuirfear comhlacht neamhspleách, an tÚdarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir’, ar bun chun an scéim a riar agus chun aire a thabhairt do leas na rannpháirtithe.

Acmhainní breise