Tuarascálacha Bliantúla um Nochtadh Cosanta na Roinne
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tuarascáil bhliantúil na Roinne Breisoideachais Agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta Agus Eolaíochta i gcomhair 2022 de réir ailt 22 den Acht Um Nochtadh Cosanta 2014.
Faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach líon na nochtadh cosanta a fuarthas sa bhliain roimhe sin agus an gníomh a rinneadh (más ann). Níor cheart go mbeadh daoine a dhéanann nochtadh inaitheanta mar thoradh ar an tuarascáil seo.
Seo í tuarascáil na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2022.
Rinneadh dhá nochtadh cosanta don Aire i 2022 faoi Alt 8 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014. Tá nochtadh amháin dúnta agus tá an nochtadh eile fós ar siúl.
Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta ó oibrithe na Roinne sa tréimhse atá clúdaithe sa tuarascáil seo.
Meitheamh 2023
Tuarascáil Bhliantúil um Nochtadh Cosanta 2022
Tuarascáil bhliantúil na Roinne Breisoideachais Agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta Agus Eolaíochta i gcomhair 2021 de réir ailt 22 den Acht Um Nochtadh Cosanta 2014.
Faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh faoi Chosaint, 2014 éilítear ar gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach an líon de nochtadh faoi chosaint faighte sa bhliain roimhe agus an gníomh a rinneadh (más ann). Leis an tuarascáil seo níor chóir go ndéanfaí nochtadh inaitheanta do dhaoine dá barr.
Seo tuarascáil na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2021.
Cuireadh dhá nochtadh chosanta leis an Aire sa bhliain 2021 faoi Alt 8 den Acht um Nochtadh faoi Chosaint, 2014 agus fós ar siúl.
Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta ó oibrithe na Roinne sa tréimhse a chuimsítear sa tuarascáil seo.